Sunday, July 15, 2012

Díolachán i Next

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Is cinnte nach rabhas ag éirí suas i gcomhair a cúig a chlog inné chun bheith i Next i gcomhair tús an díolacháin mar nach gceannaím a lán rudaí ann i ginearálta ach chuas ann tráthnóna inniú agus chaith mé 58.75 euro ann. 
Níor cheap mé go mbeadh go leor rudaí fágtha ach fós, bhí na ráillí ag féachaint beagáinín lom go háirithe na ráillí sa rannóg leanaí. 
Ach fós cheannaigh mé trí bárra agus cúpla rud eile. 
Tá aithne agam ar chúpla duine a bhí ann ag a cúig a chlog inné agus chaith siad cúpla céad euro! 
Bhí gach rud sa phictiúr seo 1.25 euro- Cárta breithe, snas béil, vearnais inge, fáinne cluaise agus sprae coirp. 
Taitníonn an cárta sin go mór liom mar go bhfuil Fraincis amháin dos na hábhair is fearr liom. Is é an branda atá ag na vearnais ingne ná "Oh So". Cheannaigh mé dhá ceann- "Biscuit" agus "Metallic Green". Chuir mé iad ar m'ingeanna níos luaithe agus ceapaim go bhfuil siad go maith. Déanfaidh mé m'ingeanna ar fad amárach chun torthaí cruinn a fháil agus ansin déanfaidh mé léirmheas ar an mbranda sin. Ba chór dom 3.50 euro a íoc as buidéal amháin ach mar go raibh an díolachán ar súil ní raibh siad ach 1.25euro. 
D'fhéach an snas béil go deas agus i gcomhair an praghas sin, bheadh náire (shame) uafásach é chun an snas béil sin a fágáil sa siopa. Is féileacháin iad na fáinne cluaise agus cheapas gur fiú iad le haghaidh 1.25 euro... Agus ag an deireadh, ar ndóigh úsáideoidh aon chailín sprae coirp go háirithe ceann a bholaíonn go deas!
Ansin i gcomhair dhá euro caoga, cheannaigh mé scáthú súl, luisneach (blusher) agus peann. 
Is peann "Me to You" é agus más raibh aithne agat orm sa bhunscoil, bheadh sé ar eolas agat go bhfuil mé dúghafa (obsessed) le stáiseanóireacht (stationery).
 Is breá liom ag fáil rudaí nua mar sin ach nuair a d'éirigh mé níos sinne, d'éirigh éadaí agus smideadh agus rudaí mar sin níos tábhachtaí. Ach bhí an peann sin an- ghleoite ar fad agus mar sin, bhí gá orm é a cheannach. 
Tá an scáthú súl agus an luisneach fós dúnta ach is cinnte go nosclóidh mé iad amárach. 
Níor íoc mé ach cúig euro as na spéaclaí gréine seo. Bhí siad 17 euro ar an gcéad dul síos. 
Tá siad cósúil le spéaclaí "Ray Ban" ach níl siad chomh daor ná iad sin ar aon nós. Ba bhreá liom péire fíor agus is cinnte go mbeadh péire agam más raibh mé i mo chónaí i dtír eile ach beidh mé ámharach má fhaighim seans nó dhó chun iad seo a chaitheamh i rith an tsamhraidh anseo in Éirinn. Ansin, tháinig an cás prionta leopaird saor in aisce le na spéaclaí gréine. 
Is sórt geansaí é seo. Bhí sé 35euro ag an tús ach ní rabhas ach chun 15euro a íoc as. 
Tá dath péitseog ar an ngeansaí agus tá "sequins" ag an tosach. 

Bhí an t-léine seo 22euro ag an tús ach d'íoc mé 10euro as. 
Is t-léine ócáideach (casual) agus luiteach (fitted) é. 

Bhí an barr seo 35euro roimh an díolachán ach ní raibh sé ach 15euro inniu. 
Tá dath uachtar ar agus ceapaim go mbeidh sé go deas le jíons agus bróga sál árd am éigin ag dul amach i gcomhair dinnéir. 

Ar cheannaigh tú aon rud ann? 

Slán, x.





No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com