Sunday, July 15, 2012

Cártaí Faiseanta i gComhair Ócáidí Speisialta

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Seo post chun insint daoibh faoi na suíomhanna "Moonpig" agus "Funky Pigeon". 
Is suíomhanna an- mhaith iad a chruthaíonn cártaí pearsantaithe atá go hálainn agus an- uathúil ar fad. 
Cheannaigh mé cártaí cúpla uair as an dá suíomh agus bhíothas an- sásta leo. 
Bíonn na cártaí an- fhaiseanta ar fad mar go mbíonn tú ábalta íomhánna a chur isteach agus do théacs féin a chloscríobh. 
Tá cártaí atá oiriúnach i gcomhair gach ócáid ar dhíol. Ceapaim gur cheannaigh mé ceithre cinn san iomlán- Ceann amháin i gcomhair mo neacht, ceann eile i gcomhair mo mham, ceann i gcomhair múinteoir ar scoil agus ceann i gcomhair mo chara. 
Is é an cárta is déanaí a cheannaigh mé ná ceann i gcomhair mo neacht. 
Is féidir leat cárta normálta nó cárta mór a cheannach. 
Cosnaíonn na cártaí normálta £2.99 agus ansin leis an bpostais agus leis an bpacáistithe cosnaíonn siad £3.64. 
Ansin i gcomhair cárta mór, cosnaíonn sé £5.99. 
Ceapaim go bhfuil na praghasanna seo an- chothrom mar go mbíonn cártaí éigin sa sráidbhaile chomh daor ná sin.
Bíonn cárta an- smaointeach ar fad iad agus bíonn an glacadóir an- sásta le cárta pearsantaithe. 

Cliceáil anseo chun dul go dtí "Moonpig". 
Cliceáil anseo chun dul go dtí "Funky Pigeon". 

Ar cheannaigh tú cárta as aon dos na suíomhanna sin ríomh? 

Slán, x.

1 comment:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com