Saturday, August 31, 2013

Siopadóireacht an Sathairn

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Chuas go dtí an sráidbhaile inniu le mo mháthair, mo dheirfiúr agus mo neacht. Bhí cúpla rud le ceannach acu. Ní raibh aon rud an-tábhachtach le ceannach agam i ndáiríre ach cósúil le gach uair eile a bhím sa sráidbhaile, bíonn mo shúile ar rud éigin agam. Seo iad na rudaí a cheannaigh nó a roghnaigh mé ann. 

 Táim i ngrá leis an seacláid te seo as Aldi. Is dóigh liom go gcosaíonn sé €1.50 nó rud mar sin é. Deireann an pacáistiú é a dhéanamh le huisce ach is fearr liom bainne a úsáid. Seo an ceann normálta a cheannaíomar inniu ach is féidir ceann eile a cheannach le miontas (mint) más mian leat- tá an dá ceann an-bhlasta. Ar ndóigh ní bheadh seacláid te seacláid te muna raibh leamhacháin (marshmallows) in éineacht leis. Cheannaíomar iad seo sa siopa Dealz. 

 Chuamar go dtí an margadh agus tar éis féachaint timpeall, bheartaigh mé go gceannóimis cáis- Brie a bhí €2.00 agus cáis cheadair éigin a bhí €4.60 don phíosa a ghearr an fear dúinn. Taitníonn chorizo go mór liom freisin agus comh maith le sin, bíonn sú úill ar dhíol ann gach seachtain a cheannaíomar freisin. 

 Chuamar isteach go dtí "Shoe Rack" mar go raibh péire Converse á cheannach ag mo dheirfiúr do mo neacht agus níor chreid mé é nuair a chonaic mé síniú ag rá go raibh an seodra ar fad ann síos go euro amháin. Gan dabht, ní rabhas chun an siopa a fhágáil le lámha folmha- phioc mé cúig bhráisléad agus fáinní cluaise agus níor chostaigh siad ach €6 san iomlán- dochreidte! Ba cheart go gcostódh siad níos mó ná fiche euro.

 Bhí cásanna iFón ar dhíol sa siopa céanna don phraghas céanna- €1. Bhí na dathanna pastal go léir ann agus sa deireadh, roghnaigh mé ceann corcra.

 Fuair mé iad seo sa siopa Dealz le haghaidh €1.49- dhá "Document Wallets". Bhí cinn eile ann agus fuair tú sé fhillteáin don phraghas céanna ach ní raibh mórán ag teastáíl uaim agus bhí caighdeán níos fearr ag na cinn seo. 

 Cheannaigh mé iad seo sa siopa Dunnes ar Bhóthar Childers. Is luiteoga agus cíochbhirt spóirt iad. Tá luiteoga dubha agam anseo sa bhaile ach chonaic mé iad seo an uair dheireanach a bhíos i Dunnes agus thaithin na dathanna go mór liom go háirithe go bhfuil dath corcra agus oráiste ar mo bhróga reatha. Ceapaim go dtugann éadaí nua inspreagadh duit níos mó aclaíochta a dhéanamh freisin. 

Sin iad na rudaí aonracha suimiúile a cheannach mé- bhí sé go deas siúl timpeall na sráidbhaile go háirithe an margadh. 

Cén plean atá agat don deireadh seachtaine? 

Sionainn, x.


3 comments:

  1. an margadh i luimneach tá sé dochreidte

    ReplyDelete
    Replies
    1. Tá an ceart agat- anois leis an sórt marquee atá ann, tá sé go hiontach! :)

      Delete
  2. Is airgead mé ó Garman, bhí mé pósta 8 mbliana ó shin gan leanbh, bhí mé ag lorg réiteach go géar mar dúirt an dochtúir nach féidir liom a bheith torrach, ach threoraigh cara liom mé chuig caster litrithe darb ainm Dr white, agus mise mhínigh sé mo chuid fadhbanna dó agus gheall sé go mbeidh gach rud ceart go leor liom i gceann 12 lá, thug sé roinnt treoracha dom a rinne mé go foirfe, chuaigh mé chuig an ospidéal le haghaidh tástála agus dheimhnigh siad go raibh mé 1 sheachtain ag iompar clainne, agus anois tá mé Tá toircheas eile ag mo mhac álainn agus anois, go raibh maith agat, a Dr bán, déan teagmháil leis le réiteach de gach cineál,

    1) más mian leat do Ex.
    2) más mian leat geasa a bheith torrach.
    3) más mian leat stop a chur le breith anabaí.
    4) más mian leat go mbeadh grá ag duine duit.
    5) geasa chun gach cineál breoiteachta nó galair a leigheas.
    Agus Daoine eile.
    tá sé an chuid is fearr agus an-fhírinne ,. wightmagicmaster@gmail.com. WhatsApp: +17168691327

    ReplyDelete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com