Dia daoibh Sionainn anseo,
Inniu an Déardaoin agus táim díreach ar ais ón nGaeltacht. D’fhreastal
mé ar chúrsa samhraidh trí seachtaine i gColáiste Corca Dhuibhne sa Daingean.
Ba iad amháin dos na laethanta saoire is fearr a chaith mé riamh agus is cinnte
gur dhein mé cúimhní go deo.
Bhíos ag fanacht i dteach álainn in áit darbh ainm Feothannach
agus bhí an teach á roinnt agam le naonúr cailíní eile. Chuaigh mé i m’aonair i
mbliana agus caithfidh mé a rá go bhfuil áthas an domhain orm go raibh an
misneach agam dul i m’aonair mar i ndáiríre níl aon ghá dul in éineacht le
cara. Cheapas go mbeadh gach duine ann i mbeirteanna nó níos mó ach ní raibh an
ceart agam ar aon nós. Tháinig seisear as an deichnúr againn i mo theach inár
n-aonaire mar sin, níl aon ghá bheith néirbhíseach más maith leat dul go dtí an
Ghaeltacht nó má tá tú ag dul ann i d’aonair.
Mar a tharla sé, nuair a bhíos sa halla ar an gcéad lá chun
ainm an mhná tí agus mapa a fháil, bhuail mé le cailín a bhí i mo theachsa dhá
bhliain ó shin agus d’insíodh dúinn go mbeimis sa teach céanna. Chuir sé sin
tús iontach leis an nGaeltacht agus ní bhféadfainn tnúth le cailíní nó buachaillí
níos álainne ná na cinn a bhí ar an gcúrsa liom.
Seo hiad cúpla íomhá ón tréimhse.
Níl mórán ama fágtha againn roimh dul ar ais ar scoil... Cad atá tú chun a dhéanamh roimh é sin?
Sionainn, x.
Áit álainn. Nod leat áfach - baile is ea an Daingean. Bhí tú ar leithinis Corca Dhuibhne! ;-)
ReplyDeleteAah feicim! Go raibh maith agat as é sin a phointeáil amach- tá mo chuid tíreolaíochta saghas lag!
Delete