Wednesday, May 29, 2013

Tús Maith

Dia daoibh Sionainn anseo,

Ní raibh aon chaoí níos fearr chun tús maith a chur leis an samhradh ná chun dul go dtí an sráidbhaile in éineacht le mo dheartháir chun péire bróga a roghnú. Díreach go dtí Schuh a chuamar mar go raibh mo shúile coimeádaithe agam ar phéire Vans. Ní raibh ach péire Vans amháin agam riamh blianta ó shin agus bhí stíl difriúil orthu. Dúirt mé go bpiocfainn dath geal difriúil nach raibh agam riamh agus mar sin, chuas le dearg.  D'inis mé dom féin go bhféadfainn iad a chaitheamh leis an gcuid is mó dos na brístí atá agam i ndathanna do gach sórt.                                                
Mar gurbh lá álainn ann inniu, chuireas na bróga seo le péire jíons iad fillteacha suas agus barr comh maith le mo spéaclaí gréine chun dul lasmuigh agus taitneamh a bhaint as an aimsir.                 
Agus seo íomhá eile do mé féin agus Lorna mo chara i rith an lae. Is as Next iad mo spéaclaí gréine agus fuair Lorna a spéaclaí i Meiriceá. 
Cad a  dhein tusa don lá dochreidte a bhí againn inniu?                                        

  Sionainn, x.

4 comments:

  1. Hahaha ó Sionainn!! Chonaic mé an phictiúr inniu!! Phléasc me amach ag gáire!! Post iontach :P

    ReplyDelete
    Replies
    1. Hahah ó Lorna- ba iontas é duit! Go raibh míle Síle :L Feicfidh mé thú Dé Luain! :)

      Delete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com