Friday, January 25, 2013

Brontannais ó Mheiriceá

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Bhuel, chuaigh mo dheartháir C.J go Meiriceá ag tús na míosa lena chailín chara. Bhí siad ag dul go Nua Eabhrac i ndáiríre chun vardrúis nua a cheannach ach comh maith lena vardrús féin, smaoinigh sé ar mo vardrús freisin! Bhí áthas an domhain orm nuair a shroich sé ar ais le buataisí UGG agus geansaithe dom. 

Seo hiad na buataisí a fuair mé. Tá dath neamhghnách (unusual) orthu- is dath corcra é ach ag an am céanna, taitníonn siad go mór liom. Is maith liom conas nach mbeidh mé in ann iad a chaitheamh le gach rud agus conas mar a sheasfaidh siad amach beagáinín. Tar éis iad a chaitheamh cúpla uair, is eol dom go dtéann siad go maith le rudaí atá simplí agus is fearr liom iad a chaitheamh le dathanna eile nach bhfuil comh "amach ansin" cósúil le dubh agus liath. Tá an fhabraic fionnaidh (fur fabric) sna buataisí ÓMD, comh compórdach agus comh deas. Is dóigh liom go raibh siad $140- fós daor ach a lán níos saibhre ná iad a cheannach anseo in Éirinn. 

Fuair mé an húdaí seo freisin. Is breá liom é go háirithe go bhfuil dath dúghorm ar. Is dath ilúsáideach (versatile) é dúghorm agus téann sé beagnach gach rud. Is as Abecrombie & Fitch é. N'fheadar an bhfuil húdaí an focal ceart mar go bhfuil zip ar ach is breá liom an zip mar gur féidir leat é a chaitheamh oscailte nó dúnta. An cuid is mó de na ham, fágaim geansaithe mar seo oscailte mar ansin, bíonn tú in ann mo bharr a fheiceáil freisin. 


Seo an rud deireannach- is geansaí ó Hollister é agus táim i ngrá leis. Níor chaith mé é ach uair amháin agus tá sé sa measaín níocháin anois ach táim ag tnúth go mór leis é a chaitheamh díreach nuair atá sé réidh. Tá sé déanta as olann ach is é an rud a thaitníonn liom an is mó ná nach mbraitheann sé mar olann sintéiseach (synthetic) é. 

An uair dheireannach, chaith mé é le jíons liath agus mo ghruaig i dtrilseacháin éisc. Is eol dom go bhfuil deartháir an-chineálta agam agus táim an- bhuíocasach as gach rud a cheannaigh sé dom! 

Is maith is cuimhin liom go rabhas i Meiriceá nuair a bhíos sé bliana d'aois. Chuas go dtí Pennsylvania le mo mham ach sin é an uair aonaire a bhí mé ann. Ar ndóigh ba bhreá liom dul arís. Anois go bhfuil mé i mo dhéagóir nach mbeadh sé go hiontach dul ar thuras siopadóireachta! Go dtí go bhfaighim an seans chun dul ann, inis dom faoi do thaithí más raibh tú ann! 

Ba bhreá liom fáil amach faoi na siopaí, na praghsanna agus gach rud eile a bhaineann leis freisin! 

Le grá, Sionainn. 



No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com