Monday, December 10, 2012

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Tá sé ag éirí níos fuaire gach lá mar a chomhairímid síos na laethanta go dtí Nollaig... Bbbrrr. Beagnach gach maidin bíonn leac oighir ar an gcosán, leag oighir ar an mbóthar agus leac oighir ar an bhfuinneog cairr- Dochreidte! 
Ceapaim go bhfuil pumpaí imithe. Bhuel, níl siad mar gur chaith mé iad ag dul ar thaithí oibre ar maidin. B'fhearr liom a rá go gceapaim go b'fhearr le pumpaí a bheith imithe. Is beag nár reoigh mo bharraicíní ar maidin! 
I ndáiríre, níl fonn ag éinne ach buataisí a chaitheamh nó bróga eile atá compórdach, te agus faiseanta. Tá dearbhán (voucher) agam don siopa Schuh agus ceapaim go mbeidh sé á chaitheamh agam ar phéire buataisí eile.
Gan dabht, is é an siopa Schuh amháin dos na siopaí is fearr liom ach is é an fáth go bhfuilim ag díriú isteach ar Schuh inniu mar go bhfuil dearbhán agam don siopa agus chaith mé a lán ama ag féachaint ar an suíomh idirlín níos luaithe. Is féidir leis na bróga ó Schuh bheith costasach go háirithe na buataisí atá ar dhíol ann ach tá réimse leathan ann agus gan dabht ar bith, bíonn caighdeán an-ard ar na bróga ón siopa. Seo cúpla dos na péirí a thaithin liomsa. 
Ó chlé go deis, seo iad na praghsanna atá orthu- €58, €115, €90, €77, €115. N'fheadar liom cad é an péire is fearr liom. Ceapaim go bhfuil siad lán an-difriúil. B'fhéidir go mbeidh seans agam cuairt a thabhairt don siopa i rith na seachtaine agus is cinnte go n-inseoidh mé libh má cheannaím aon rud ann! 

Inis dom faoi na bróga a chaitheann tú is minice... 

I.S (P.S) N'fheadar cad atá cearr ach níl sé ag ligeadh dom teideal a chur ar an bpost- Bróm!

 ❄ Sionainn 



No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com