Dia dhaoibh Sionainn anseo,
Tá an turas sciála ag droidim- Beidh mise agus tímpeall ar daichead eile ag dul go dtí an Fhrainc i mí na Feabhra agus táimid lán ag tnúth go mór leis. Buíochas le Dia táim ullmhaithe agus níl ach rud nó dhó le ceannach agam. Fuair mé lán m' éadaí i dTrá Lí ag deireadh an tSamhraidh. D'aimsigh mé siopa iontach - "Landers Outdoor Adventure World". Is í an scéim dathanna atá agam ná corcra, bán agus gorm.
Is iad na rudaí a chaithfimid bheith againn ag dul ar an turas ná:
Bríste sciála
Cóta sciála
T-Léinte teirmeach (thermal)
Barréide lomra (fleece top)
Stocaí sciála
Bróga reatha nó buaitisí sciála
Lámhainní sciála
Gloiní (goggles) sciála nó spéaclaí gréine
Hata
Cochall (cowl) in ionad scaif
Tá lámhainní agus stocaí fós le ceannach agam ach chuala mé go bhfuil a lán rudaí le fáil sa siopa Penneys. Fuair Lidl éadaí sciála isteach i rith na seachtaine agus beidh giar sciála ag teacht go dtí Aldi go luath freisin. Nuair atá gach rud ceannaithe agam, déanfaidh mé post eile ag insint daoibh faoin ngiar ar fad.
An raibh tú ag sciáil ríomh? An mbeidh tú ag dul ar an turas seo?
No comments:
Post a Comment
Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!