Saturday, September 1, 2012

Is Féidir "Converse" A Chaitheamh Áit Éigin Eile Ná Ar Do Chosa

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

D'aimsigh mé paicéad ingne bréige a fuair mé saor in aisce in éineacht leis an irisleabhar "Bliss". 
Mar nach rabhas in ann vearnais ingne a chaitheamh cé go raibh scoil agam, bhain mé triail as "Converse" a chur ar n'ingne seo ag úsáid mo vearnais ingne "Art Club" a cheannaigh mé i TK Maxx. Is iad na dathanna aonaire a úsáid mé ná dubh, bán agus airgead. 

Is é an chéad céim ná chun dubh a chur ar trí cheathrú (3/4) do d'ingne ag fágáil an cheathrú deireanach gan aon dath go dtí go bhfuil an dubh tirim. 
Nuair atá an vearnais ingne dubh tirim, beidh tú in ann an ceann bán a úsáid chun é a chur ar an gceathrú eile.
Bí cinnte go bhfuil tú ag tabhairt ama do d'ingne triomú tar éis gach céim mar nach mbeidh tú ag súil go mbeidh na dathanna ag rith le chéíle. 

Tar éis sin, úsáid an vearnais ingne bán arís chun sé phonc a chur ar gach ionga, trí ar an gclé agus trí ar an deis.

Nuair atá na poinc tirim, is é an chéad rud eile a chaithfidh tú déanamh ná línte cothrománach (horizontal) agus línte trasnánach (diagonal) a chur idir na poinc cósúil le lásaí i do bhróga. Ceapaim go bhfuil é seo an páirt is deacra. Bí cinnte nach bhfuil a lán vearnais ar an scuab chun na línte a choimeád tanaí.

Ansin, cur sé phonc i lár gach ponc bá ach bí cinnte nach mbíonn siad comh mór ná na cinn atá déanta leis an vearnais ingne bán. 

Más maith leat, is féidir leat dath airgead a chur ar lán na poinc mar go mbíonn an dath sin ag na rudaí sin ar "Converse" i gcónaí.

Is é an céim amháin deireanach ná chun an vearnais ingne dubh a úsáid chun dul timpeall an vearnais ingne bán.

Má bhaineann tú triail as aon dos n'ingne a dhéanamh agus a chuirim suas ar Paisean le hAghaidh Faisin, tóg grianghraf agus seol é dom ag paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com.

An dtaitníonn bróga "Converse" leat? 








4 comments:

  1. Ca bhfuair tu an smaoineamh sin?

    ReplyDelete
  2. Fuair mé an smaoineamh sin ar "YouTube". Má fhéachann tú ar an suíomh sin, feicfidh tú go bhfuil a lán físeáin ag taispeáint duit conas aon sórt patrún a chur ar d'ingne. Bíonn an cuid is mó dos na físeáin an- soiléar agus bíonn sé an- éasca iad a leanúint. Taitníonn "Converse" go mór liom agus níor d'fhéach sé ró dheacair mar sin, bhain mé triail as.

    ReplyDelete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com