Wednesday, September 19, 2012

Ingne "imPRESS"

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Bhíothas sa siopa Penneys sa chorrán ar an Luain agus bheartaigh mé go raibh sé in am péire dos n'ingne bréige "imPRESS" a cheannach. Cheannaigh mé n'ingne atá ar dhíol ann i gcomhair 1.50euro cúpla uair ach bhí fonn orm an t-am ar fad triail a bhaint as na cinn eile. Cosaíonn na cinn seo níos mó ná na cinn eile ach úsáideann tú slí eile chun na cinn seo a chur ar d'ingne. Ná bígí buartha... Níor chaith mé na cinn seo fós! Cheannaigh mé iad mar go mbíonn cóisir ag na "Brownies" gach Oíche Shamhna agus b'fhéidir go gcaithfidh mé iad seo an Chéadaoin sin. 

Tá an slí luaite san ainm "imPRESS". Ní úsáideann tú gliú chun na cinn seo a chur ort, ní chaitheann tú ach iad a bhrú síos ar d'ingne agus fanann siad ar d'ingne. Bíonn sórt greamán ar an taobh eile. Nuair a thógann tú an greamán as an ionga, bíonn siad greamaitheach (sticky) ansin. Sin conas mar a oibríonn siad. 
Tá an- chuid dathanna agus pátrúin le ceannach. Cosaíonn siad ocht euro. Thóg mé ceann amach ón bpaicéad agus cheapas gur bhraith sé an- láidir. Súil agam go n-óibreoidh siad go maith ach ní bheidh siad á úsáid agam go dtí Mí Dheireadh Fómhair. 

Ar bhain tú triail as n'ingne seo? Inis dom faoi na rudaí a chuala tú faoi n'ingne... 



No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com