Monday, September 24, 2012

Faisean ag na Scannáin

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Nuair a bhíonn tú ag dul go dtí an pictiúrlann an mbíonn tú ag smaoineamh faoi cad ba chóir duit a chaitheamh? Mise freisin. Caithim éadaí normálta an t-am ar fad... Jíons agus rudaí mar sin. Éadaí normálta cósúil le gach lá. Ach cad faoi rud éigin uathúil... b'fhéidir, d'ingne. Seo dearadh a bheadh oiriúnach don phictiúrlann nó d'oíche ciúin compordach sa bhaile le DVD ó XtraVision. 

Ar dtús, caithfidh tú bán a chur ar beagáínín níos lú ná leath do d'ionga. Déan iarracht líne díreach a dhéanamh ach ní chaithfidh sé bheith fiorfe. 
Ansin, caithfidh tú buí an- gheal bheith agat. Ní raibh ceann agam ach, d'úsáid mé bán agus buí agus chur mé iad le chéile chun an dath fiorfe a dhéanamh. 
Ansin, caithfidh tú an buí sin a chur ar d'ingne ag déanamh a lán ciorcail mar go mbeidh an buí seo an grán rósta (popcorn). Ná déan dearmad chun seans a thabhairt do na dathanna triomú roimh dath eile a chur ort. D'úsáid mé scuab normálta chun an buí a chur ar m'ingne. 
Ansin, caithfidh tú an bosca a chruthú. D'úsáid mé dath dearg chun línte a dhéanamh ar an mbán. Caithfidh tú scuab tanaí bheith agat chun é seo a dhéanamh. 

Ansin, úsáid buí eile chun an t-im a dhéanamh ar do ghrán rósta mar seo. Bíodh é i gciorcail randamach. 

Is é an rud deireannach a dhein mé ná gur úsáid mé beagáínín óir chun an grán rósta a chríochnú. 

An mbeadh tú sásta d'ingne a chaitheamh mar seo ag dul amach chun scannán a fheiceáil? 
Inis dom faoi aon scannán maith a chonaic tú le déanaí. 








11 comments:

  1. inion ui iarlaitheTuesday, September 25, 2012

    An-ghreannmhar ar fad. Conas a smaoinionn tu ar na rudai sin?d

    ReplyDelete
    Replies
    1. Bíonn mé ag féachaint ar fhíseáin ar YouTube agus faighim na smaointí ó sin!

      Delete
  2. Is breá liom an píosa seo mar tá sé easca agus tá an ionga go hálainn

    ReplyDelete
  3. Dia dhuit!
    Táim sa chéad bhliain agus táim sa teanglann anois! Tá an blag seo go hiontach ar fad! Cá bhfaigheann tú na smaointí?

    ReplyDelete
    Replies
    1. Dia is muire duit! Óóó.. I rith an lá oscailte! Go raibh míle maith agat. Faighim na smaointí ingne ó YouTube ach lán na smaointí eile, bíonn mé amuigh ag siopadóireacht agus ag féachaint timpeall na siopaí an t-am ar fad!

      Delete
  4. Is breá liom an iongaí. :)

    ReplyDelete
    Replies
    1. mé freisin ;)

      Delete
    2. Go raibh míle maith agat :).. Déanfaidh mé iarracht níos mó poist faoi ingne a dhéanamh!

      Delete
  5. Dia dhit :)
    Is brea liom do bhlag! tá sé ar fheabhas! is brea liom an faiseann mar tá sé go hálainn

    Slán x

    ReplyDelete
    Replies
    1. Dia is muire duit :).. Go raibh míle maith agat! Slán go fóill x

      Delete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com