Monday, September 10, 2012

Alt sa "Limerick Leader" inniu

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Fuair mé glaoch inniu ag rá go raibh alt faoin scoil sa "Limerick Leader". Bhí sé lán faoin tarraingt téide a dhein TG4 i gCnoc na Labhras ar an Aoine, faoi mise agus an triail scáileán le TG4 isrl. Ba alt iontach taitneamhach é le grianghraif álainn de mise, Seán Bradshaw agus na cailíní as rang ceoil Iníon Ní Chreabhán. 
Bhí a lán faisean le feiceáil ar an lá... na cailíní lán ag caitheamh éadaí ó 1980. 

Táim ag lorg PDF don alt.. Súil agam go mbeidh mé in ann é a fháil. Is cinnte gur bhain gach duine an- taitneamh as an Aoine... Bhí am iontach ag na daoine a ghlac páirt sa tarraingt téide agus an t-amhrán "Footloose" comh maith leis na láithreoirí, mise, Lorna Ní Bhróin agus Sarah Barlow comh maith le lán na féachadóirí agus na múinteoirí. Beidh an tarraingt téide le feiceáil ar an gclár teilifíse "Ponc XL" i mí Dheireadh Fómhair. Bhí sé go deas bualadh le Róisín agus Caroline as TG4 arís, agus ar ndóigh go deas caint le Seán Bradshaw don chéad uair freisin. Bhain gach duine an- sult as. 

Ar léigh tú an t-alt seo? 


No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com