Wednesday, August 15, 2012

Mála Taistil- Smideadh

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Is fuath liom nuair a bhíonn tú ag dul áit éigin go mbíonn gá ort níos lú a thógáil leat. 
Beidh mé i Co. Chiarraí an tseachtain seo cugainn sa Bheannach agus táim ag súil chun gach rud a thabhairt liom gan trí chás móra a bheith agam. 
Thosaigh mé inniu le mo smideadh agus ceapaim gur dhein mé jab an- mhaith ag piocadh amach rudaí mar go rabhas ábalta gach rud a chur i mála amháin beag ó Penneys. 
Bhí an mála seo ceithre euro. Tá sé cósúil le bosca mar go bhfuil cruth soladach air Cheannaigh mise an ceann uachtar agus bán le croíthe ach bhí ceann prionta liopaird ann freisin. Nuair a théim go dtí teach mo chara nó áit éigin eile, tugaim a lán rudaí liom agus ní úsáidim lán iad nuair atá mé ann. An uair seo, nílim ach ag tabhairt 12 rud liom sa mhála seo. 
Is iad seo dhá dos na rudaí Estée Lauder atá agam. Is luisneach (blusher) é ceann amháin agus scáthú súl é an ceann eile. Is breá liom an cuntar Estée Lauder mar go bhfuil lán na rudaí an- nárdútha agus an- fíneálta. 
Is breá liom an luisneach seo mar nach bhfuil sé cósúil leis an gcuid is mó de na luisnigh eile. Feicfidh tú go bhfuil taobh amháin uachtar/ buí agus ansin tá an taobh eile bán dearg. Níl luisneach ró- throm (severe) é agus mar go bhfuil leicne rósach agam is fearr liom ceann geal. Is é "Silky Powder Blush 21 PEACH NUANCE"  an t-ainm atá ar an luisneach seo. Ansin, níl mo scáthú súl "Naked"  beag go leor chun dul sa mhála seo agus mar sin, táim chun scáthú súl Estée Lauder a thabhairt liom in ionad. Tá an ceann seo an- nárdútha ar fad mar nach bhfuil aon ghealra sa scáthú súl. Is "pod" é agus ciallaíonn sé sin go bhfuil dhá dhath ins an coimeádán. Bheadh siad beagáinín ró- phléineáilte chun an scáthú súl seo a chaitheamh ag dul amach san oíche i gcomparáid don cheann "Naked" atá agam mar go bhfuil an- chuid dathanna sa cheann sin ach tá an ceann seo fiorfe i gcomhair am lae. Nuair a bhíothas i Brown Thomas, bhí cúpla cinn éagsúla le dathanna eile ach phioc mé an ceann seo sa deireadh. Fiú amháin go raibh dathanna eile le fáil, ba dathanna nárdútha agus nocht iad freisin. Ach taitníonn sé sin liom mar nach maith liom ag caitheamh dathanna trom ar mo shúile. Ní cheapaim go n-oireann siad liom. Is é an ceann seo ná "Pure Colour 01 Vanilla Pods". Ceapaim go dtéann na dathanna an- mhaith lena gcéile. Comh maith le sin, is aoibhinn liom an scuab a thagann in éineacht leis an scáthú súl. Mar go raibh sé ró- bheag níor cheap mé go mbeadh ceann ró- mhaith é ach is breá liom é mar go bhfuil ceann difriúil ag gach taobh.
Ansin beidh mo smideadh Bare Minerals ag teacht liom ar ndóigh. Tá mo bhonnsmideadh, mo dhonnaitheoir,   mo mhascara agus mo scuaba ón gcúntar- sé rud san iomlán. 
Is é an dath bonnsmideadh a cheannaím ná "Light". Is féidir leat coimeádán le 8g a cheannach i gcomhair 24euro. Ceapaim go mbíonn coimeádán amháin agam i gcomhair timpeall ar dhá mhí agus tá an donnaitheoir céanna agam ó Mhí an Márta mar nach úsáideann tú ach píosa bídeach (tiny) ar d'éadán (forehead) agus ar do chnámha leicne. Is é an dath donnaitheoir atá agam ná "Warmth" agus fuair mé 1.5g sa choimeádan seo. 
Is é an t-ainm atá ar an mascara ná "Bare Minerals Flawless Definition Mascara". Féachann an buidéal beagáinín pléineáilte agus leadránach ach ceapaim go bhfuil an rud sa bhuidéal an rud is tabhachtaí mar go bhfuil sé go hiontach. Tá an scuab tanaí agus mar sin, ní bhíonn mascara ag dul gach áit ar do chaipíní súile (eyelids). Ní fhágann sé aon toim (clumps) agus tar éis é a úsáid bíonn m'fhabhraí (eyelashes) scartha. Tagann sé as do shúile gan aon deacracht san oíche agus ní ghreannaíonn (irritate) sé mo shúile. 
 Ansin tá trí scuab agam, ceann amháin i gcomhair mo bhonnsmideadh, ceann eile i gcomhair mo dhonnaitheoir agus is é an ceann deireanach ná scuab chun beagáinín bonnsmideadh a chur faoi do shúile mar fholaitheoir (concealer). 
Is iad seo na rudaí randamach deireanach- Ó bhun go barr- Sudocream :L, mascara "Urban Decay Big Fatty Mascara", snas béil "Happy No 7 High Shine", línitheoir súile "Yves San Laurent" agus snas béil "Lancome Juicy Tubes". Tá an Sudocream seo an- ghleoite mar go bhfuil sé iontach beag agus is féidir Sudocream a bheith an- úsáideach in éigeandálaí! Is maith liom an mascara seo freisin mar go dtugann sé a lán toirt (volume) do m'fhabhraí. Mar sin, cuirim cóta amháin don cheann seo agus cóta eile don cheann Bare Minerals orm gach lá. Ní chaithim snas béil an t-am ar fad ach is ceann deas é an ceann "No. 7" seo agus táim chun é a thabhairt liom ar eagla na heagla. Tá mo línitheoir súile dubh is fearr "Yves San Laurent" ró bheag anois. Bhíothas croí bhriste tar éis é a fhágáil ar an úrlar mar gur aimsigh mé é briste an lá i ndiaidh sin. Oibríonn sé fós ar ndóigh. Is snal béile álainn é an ceann "Lancome" freisin. Cheannaigh m'aintín an seit le cúig cinn eile dom ach is é an ceann seo an ceann is fearr liom ón seit. 

Sin é gach rud a bheidh ag teacht liom ar an Satharn. Táim ag smaoineamh faoi mo scáthú súl "Naked" a thabhairt liom i mála éigin eile mar go dtaitníonn sé go mór liom ach feicfimid. 

Cad iad na rudaí is tabhachtaí leatsa i do mhála smideadh? 





6 comments:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com