Sunday, August 19, 2012

Lása

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Bhí alt sa nuachtán "Foinse" an tseachtain seo caite faoi lása agus táim ag lorg bhur dtuairmí air. 
Ba é seo an t-alt, scríofa le Bláthnaid Ní Dhonnchadha. Is breá liom gach alt a scríobhann sí. 

San alt seo, pléann sí conas a bhfuil lása tar éis éirí a lán níos coitianta go háirithe ar ghúnaí pósta. Is é ceann amháin soiléar ná an gúna a chaith Kate Middleton agus b'fhéidir go bhfuil an fáth go bhfuil lása comh mór anois mar go bhfuil íocán stíle í Kate Middleton ach n'fheadar liom. Taitníonn lása go mór liomsa. Ach más d'fhéach tú i mo vardrús an bhliain seo caite, ní cheapaim go mbeadh aon éadaí déanta as lása le feiceáil ann. Ceapaim go bhfuil sé tar éis teacht isteach an bhliain seo agus tá súil agam go bhfanann sé anseo. Tá bléasar uachtar cósúil leis an gceann sa phictiúr agam. Mar a deireann Bean Feasa an Fhaisin san alt, "tá níos mó deiseanna agat lása a chaitheamh ar bhealach neamhfhoirmiúil gach lá chomh maith leis an réimse dathanna atá ar fáil". Caithim an bléasar le péire jíons, bróga sál ard agus barr deas ag dul amach i gcomhair dinnéir nó rud éigin mar sin, ach ansin, tá cúpla barr as "Hollister" agam atá déanta as lása freisin agus caithim iad i rith 
an lae.     
                 Thaitin gúna Kate go mór liom. Is maith is cuimhin liom ag suí ar an tolg an lá ar fad ag féachaint ar an mbainis. Súil agam go mbeidh an sórt stíl céanna ann nuair atá sé in am do mo bhainis! Comh maith le sin, bhí lása á chaitheamh ag Kelli O'Dell- buaiteoir an bhean is fearr gléasta ag Rásaí na Gaillimhe. Is cinnte go raibh sí go hálainn agus an- sofaisticiúil ar fad. 
Is é gúna amháin eile is breá liom ná an ceann seo. Is í seo Ginny. Tugadh céiliúr pósta iontach di. Is féidir leat é a fheiceáil anseo nó físeán don bhainis a fheiceáil anseo. Is aoibhinn liom na físeáin seo.


Cad é do thuairim ar lása? An bhfuil aon éadaí déanta as lása agat? 

                                                                                                     

2 comments:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com