Thursday, August 16, 2012

Eolas Scanrúil


Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Bhíothas ag féachaint ar "Embarrassing Bodies" cúpla lá ó shin agus bhí Dr. Christian ag caint faoi chailíní ag caitheamh bróga le sál ard. 
Bhí sé beagáinín scanrúil ag éisteact leis mar nach ndéanann bróga sál ard aon mhaitheas duit ach i ndáiríre, bhí sé sin ar eolas agam roimh an clár teilifíse sin a fheiceáil. Ar ndóigh ní bheidh siad comh tacúil nó comh compordach ná bróga cothroim. 
Táim tar éis an ghearrthóg a aimsiú ar YouTube ach... Tá sé ar eolas agaibh nach bhfuil sé as Gaeilge mar go dtarlaíonn "Embarrassing Bodies" i Sasana. 
Cliceáil anseo chun an físeán a fheiceáíl. 
Heels Are Sexy Collage

Is iad na fíricí a d'inis sé dúinn ná: 
Go bhfuil bróga sál ard an cás go dtéann 8,500 duine go dtí an Rannóg Timpistí agus Éigeandála gach bliain ann.
Go gcaitheann triocha faoin gcéad de mhná bróga sál ard mar go bhféachann siad go deas fiú amháin nach bhfuil siad compordach. 
Is iad na mná ó thoir thuaidh an Shasana na mná is measa mar go gcaitheann siad bróga sál ard suas go dtí cúig lá gach seachtain.
Go mbrúann (crush) bróga sál ard do bharraicíní le chéile.
Go gcuireann bróga sál ard a lán brú ar do chosa i gcomparáid le bróga cothroim.


Ach má fhéachaimid ar an taobh geal:
Féachann tú níos airde nuair a chaitheann tú iad.
Féachann do chosa a lán níos faide.
Bíonn tú muiníneach (confident) ag caitheamh iad ag dul amach.
Meascann tú isteach le gach duine eile ag dioscó nó ag am oíche.

Ar ndóigh, leanfaimid ar aghaidh ag caitheamh bróga sál ard ó am go ham. Táim fós óg agus mar sin, ní chaithim iad go minic. Táim ceart go leor ag coipeáil leis an bpian a dtugann bróga sál ard duit tar éis tamaill. Tá cairde agam atá níos measa ná mise ach tá cairde agam atá níos fearr ná mise freisin- sílim go bhfuil mé sa lár.

An gcaitheann tú bróga sál ard go minic? An bhfuil tú go maith ag coipeáil leis an bpian ag deireadh na hoíche?


1 comment:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com