Saturday, July 7, 2012

Léamha Faiseanta Don Samhradh

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Tá an eagrán nua den irisleabhar "Kiss" díreach amach. 
Tagann eagrán nua amach ag tús gach aon mhí. 
Ní bhíonn "Kiss" ach 2.95euro agus is é an fáth go bhfuil sé an irisleabhar is fearr liom do dhéagóirí mar go bhfuil irisleabhar Éireannach é. 
Mar sin, bíonn gach rud a fheiceann tú san irisleabhar le fáil in Éirinn, bíonn na déagóirí istigh san irisleabhar Éireannach agus uaireanta bíonn focail "as Gaeilge" san irisleabhar. 
Cliceáil anseo chun an suíomh atá ag "Kiss" a fheiceáil. 
Tá leathanach Facebook ag an irisleabhar freisin. 
Bíonn an irisleabhar seo plódaithe le leideanna cabhrach, stíleanna gruaige, smaointí ingeanna agus gach aon rud eile a bhíonn tábhachtach i saol an déagóra. 
Bíonn é seo á léamh ag an cuid is mo de dhéagóirí agus tá an irisleabhar seo fiorfe i gcomhair grúpa cairde nó duine amháin. Bíonn grúpa cairde ábalta sult a bhaint as na daoine cáiliúila dathúil, na tráth na gceist agus na tuismeánna (horoscopes).

Ansin, tá leabhair normálta freisin. 
B'fhéidir nach bhfuil siad chomh faiseanta ná irisleabhair ach is rud maith é chun cúpla leabhar a léamh i rith an tsamhraidh. 
Tar éis an Teastas Sóisearach go dtí seo, léigh mé trí leabhar le Jacqueline Wilson agus anois táim ag bogadh ar aghaidh go dtí an t-údar David Nicholls chun "One Day" a léamh. 
Chomh maith le leabhair Béarla is féidir leat leabhair Gaeilge a cheannach! 
Níl ach ceann amháin agam. 
Is é seo "Faoin Sceach Gheal" le Marita Conlon McKenna. 
Is leagan den leabhar Béarla "Under The Hawthorn Tree" é. 
Léigh mé an leagan Béarla nuair a bhíothas sa bhunscoil agus cheannaigh mo mham an ceann Gaeilge liom cúpla seachtain ó shin. Ceapaim gur cheannaigh sí é sa siopa "Easons" nó "O'Mahonys".
 Níor léigh mé é fós ach ceapaim go dtosóidh mé go luath.
Léigh mé an chéad cúpla leathannach agus ceapaim go mbeidh mé ábalta leis. 
Bíonn cúpla focail ann nach mbíonn mé ábalta iad a thuiscint ach ceapaim nach gcaithfidh mé gach aon fhocal a thuiscint. 
Chomh maith le sin, tá gluais cabhrach ag an deireadh a mhíníonn lán na focail deacair agus mar sin, má tá aon deacracht agat, is féidir leat féachaint ar an ngluais. 

Cén leabhair ina bhfuil á léamh agat an samhradh seo?
Cad é an irisleabhar is fearr leat? 

Slán, x.



4 comments:

  1. Kiss gan dabht

    ReplyDelete
  2. inion ni iarlaitheSaturday, July 07, 2012

    Ta leabhart scriofa ag fear I luimneach. Cupla is ainn don leabar. Is leabhar gaeilge e faoi beirt dheagoiri. Is leabhar maith e agus ta se gearr go leor. Ta do bhlag fos iontach sionnann agus ag eiri nios fearr.

    ReplyDelete
    Replies
    1. D'inis tú dúinn faoin leabhar sin sa rang. Ní rabhas ábalta é a cheannach sa siopa "O'Mahonys" mar nach raibh sé ar dhíol ann nuair a bhí sé á lorg agam. Bhíothas ag smaoineamh faoi é a cheannach ar an idirlíon. Go raibh míle maith agat :)

      Delete
    2. Táim tar éis é a cheannach ar an suíomh www.cic.ie cúpla nóiméad ó shin i gcomhair seacht euro. Beidh sé agam go luath.. Déanfaidh mé léirmheas ar nuair atá sé críochnaithe agam.

      Delete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com