Thursday, June 28, 2012

Leideanna Chun Cabhrú Leat Le Do Dhonnú Bréige.

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Inniu beidh mé ag léiriú daoibh conas donnú bréige álainn bheith agaibh. 
Is cuma faoin sórt donnú bréige a bhíonn á úsáid agat, má tá donnú bréige fiorfe á lorg agat, tá sé go maith chun na céimeanna seo a leanúint. 
Is fearr liom an donnú bréige "Sally Hansen" mar go gceapaim go bhfuil sé éasca chun é a chur ort agus mar go bhfuil donnú bréige meandrach (instant) é.


Roimh an donnú bréige a chur ort.

  • Síob (wipe) ciúb oighir ar d'aghaidh agus do spanlaí (shins). Dúnfaidh an ciúb oighir do "pores" agus mar sin, ní bheidh aon spotaí ar d'aghaidh nó ar do chosa. 
  • Cuir beagáinín "Vaseline" ar d'ingeanna agus mar sin, ní chasfaidh siad buí. Chomh maith le sin, má tá gruaig fionn agat, cuir "Vaseline" ar do líne gruaige agus ansin, ní bheidh d'fhréamhacha buí tar éis an donnú bréige a chur ort. 
  • Nuair a chuireann tú donnú bréige ort, bíonn sé níos dorcha ar d'uillineacha agus do ghlúine mar go mbíonn na háiteanna sin tirim. Mar sin, cuir beagáinín maothóir (moisturiser) ar d'uillineacha agus do ghlúine roimh an donnú bréige a chur ort. 

I rith an donnú bréige a chur ort. 

  • Má tá tú chun donnú bréige a chur ar d'aghaidh, is smaoineamh maith é chun beagáinín maothóir a mheascadh leis an donnú bréige roimh é a chur ar d'aghaidh. Ansin, cuir é ar d'aghaidh cósúil le bonnsmideadh. 
  • Ná cuir an donnú bréige díreach ar do lámha agus do chosa. Chomh maith le sin, ná cuir é ar thaobh do lámha freisin mar nach mbíonn siad crón i ginearálta. Más fágann tú iad lom (bare), féachfaidh tú níos nádúrtha.
  • Má tá dath dorcha á lorg agat, is fearr cúpla lann (layers) a chur ort ar an lá céanna ná iad a chur ort i rith cúpla lá. Cuir lann amháin ort agus ansin tar éis cúpla uair, cuir lann eile ort. Má thógann tú cúpla lá chun do dhonnú bréige a dhéanamh, b'fhéidir go mbeidh paistí agus calóga ar do chraiceann. 

Tar éis an donnú bréige. 

  • An cuid is mó de na ham, bíonn gá ort tú féin a ní chun do dhonnú bréige a aistriú. Má tá do dhonnú bréige uiscedhíonach, tosóidh sé ag tréigean tar éis trí nó ceithre lae. 
  • Má tá tú ag súil chun craiceann gléineach bheith agat, is smaoineamh maith é chun beagáinín sprae gruaige a chur go háirithe ar do chosa tar éis an donnú bréige a chur ort. Ach bí cúramach- bí cinnte go bhfuil an donnú bréige tirim roimh an sprae gruaige a chur ar do chraiceann. 

An leanann tú aon dos na céimeanna sin nuair a chuireann tú donnú bréige ort? 
Cén sórt donnú bréige ina úsáideann tusa? 

Slán, x. 









1 comment:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com