Saturday, February 4, 2012

Faisean- Foinse

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 

Mar is eol daoibh, tá na réamhscrúdaithe ar siúl faoi láthair. . . Bhí Gaeilge agam inné agus mar sin. . .
Maidin Dé hAoine, bhíothas ag súil chun a bheith i ngiúmar Gaeilge. 
Bhíothas sa charr agus chonaic mé an nuachtán "Foinse" ann agus thosaigh mé ag léamh é.
D'airigh mé alt suimiúil faoi jíons daite a scríobh Bláthnaid Ní Dhonnchadha. 

Bhí an t-alt ró fhada agus mar sin, nílim chun an rud ar fad a closcríobh amach ach. . . 
Go bunúsach (basically). . . bhí an scríbhneoir ag rá b'fhéidir go bhfuil suim ag daoine bheith ag féachaint níos dathannach gan a bheith róshamhrata (too summery). 
Agus is treocht iad jíons daite an lae inniu. 

Tá uimhreacha in aice le na jíons sa chéad pictiúr agus mar sin, tá tú in ann na praghasanna a fheiceáil. 

Mar nach bhfuil an samhradh anseo fós. . . is leid maith nuair atá tú chun jíons mar na cinn seo ná, 
téann siad go maith le geansaithe móra tiubha (thick). 
 Arís, Má tá tú ag smaoineamh. . . conas is féidir iad a chaitheamh anois nuair atá sé fós fuar gan a bheith ag breathnú i bhfad róshamhrata. 
Bhuel is dóigh leis an scríbhneoir agus aontaím léi freisin gur fiú smaoineamh ar na píosaí eile a chaithfidh tú leo. 
Má mheascann tú na jíons seo le dathanna atá níos dorcha mar shampla, cuirfidh sé an chulaith in oiriúint don séasúr seo. 

Bhain mé an- taitneamh as an alt sin agus bhí sé scríofa i stíl shimplí dhíreach freisin. 

Tá péire agam atá dearg/ fíon ach is fíon an- gheal iad agus is breá liom iad. . . cheannaigh mé iad i New Look cúpla seachtain ó shin. Ceapaim go gceannóidh mé péire eile i ndath eile níos déanaí. 

An bhfuil aon jíons daite agat?

Slán, x.

No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com