Tuesday, February 21, 2012

An Bhliainiris

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 

Táimid ar ais ar scoil anois agus tá cúrsaí ceart go leor. 
Bhí daoine ag dul timpeall inniu ag lorg rudaí don bhliainiris. 

Is é amháin dos na téamaí i gcomhair an bhliainiris ná "grá don scoil" agus tá an foireann ag lorg na rudaí atá go maith faoin scoil seo. B'fhéidir na muinteoirí, na daltaí eile... tá i bhfad níos mó!

Má tá tú ag súil rud éigin a chur isteach don bhliainiris, seol é go dtí
 lhmag12@gmail.com

Chomh maith le sin, tá cártaí gnó nua ag Top Button. 
Is féidir leat rudaí a sheoladh go dtí an ríomhphost atá ag Top Button 
topbuttonlh@gmail.com 

Slán, x.

Sunday, February 19, 2012

Faisean i gComhair Seachtain Na Gaeilge- Comórtas

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 

Beidh comórtas ar siúl ar scoil chun an t- léine is faiseanta a aimsiú. 
Beidh na daltaí chun t-léine a dhéanamh agus é a chaitheamh ag an Aoine i rith Seachtain na Gaeilge. 
Má tá suim agat t-léine a dhéanamh, caithfidh na focail seo a bheith ar- "Seachtain na Gaeilge" agus "Cnoc na Labhras". 
Ceapaim gur smaoineamh iontach é le haghaidh comórtas agus ceapaim go mbeidh sé an suimiúil.

An mbeidh tú ag glacadh páirt sa chomórtas seo?

Slán, x.

Friday, February 17, 2012

Ar Ais Ar Scoil Dé Luan

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 

Beimid ar ais ar scoil Dé Luan agus ansin, beidh an Teastas Sóisearach fíor ag teacht. 
Bheartaigh mé nach ndéanfainn staidéar i gcomhair an briseadh lár tearma seo mar bhí gach duine ag lorg sos beag ach fiú nár dhéan mé staidéar. . . rinne mé cúpla rud chun fáil ullmhaithe i gcomhair scoil agus an Teastas Sóisearach. 

Thóg mé lán mo fhillteáin abhaile chun iad a ghlanadh amach. 
Seo é mo fhillteán Gaeilge nua ach ghlan mé amach mo chinn eile chomh maith. 
Ceapaim go mbíonn tú níos eagraithe le fillteán glan agus faiseanta. 
Bíonn sé a lán níos éasca rudaí a aimsiú agus staidéar a dhéanamh don ábhar sin. 

Tá m'fhilteán faiseanta déanta suas as 12 ranna.
Seo iad na ranna atá ins an filteán: 

Litir
Scéal
Aiste/ Alt
Díospóireacht
Prós
Filíocht
Cluastuiscint
Léamhthuiscint
Gramadach
Rudaí Breise
An Ghaeltacht
Scrúdaithe

An bhfuil tú ag tnúth leis ag dul ar ais ar scoil?

Slán, x.


Thursday, February 16, 2012

Lynx i gComhair Cailíní

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 

Tá "Lynx" nua amach agus tá gach duine ag caint faoi. 
Tá gach cineál "lynx" i gcomhair buachaillí seachas leis an gceann nua seo. 
Is "Lynx" le haghaidh cailíní é atá ar dhíol i gcúpla siopa. 
Cheannaigh mé mo bhuidéal sa siopa "Superdrug" le haghaidh 2.95euro ach bhíothas i gcúpla cógaslann le mo chara mar bhí sé á lorg aici agus ní raibh sí in ann é a aimsiú. 
Is sort díbholaíoch nua é agus mar sin, b'fhéidir nach bhfuil sé i lán na siopaí fós ach is cinnte go bhfuil sé ar dhíol i siopaí mór. 

Tá gach duine craiceálta faoin "lynx" seo cé go mbíonn gach chailín i ngrá leis an lynx a bhíonn á chaitheamh ag buachaillí. 
Anois, is féidir le cailíní bheith ag boladh cosúil le buachaillí leis an díbholaíoch seo. 

Ar chuala tú faoin díbholaíoch nua seo fós?

Slán, x.



Tuesday, February 14, 2012

Faisean Ag An Dioscó

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 

Dé hAoine, chríochnaigh ár réamhscrúdaithe agus fuaireamar ár mbriseadh lár tearma. 
Bhí sceitimíní áthais an domhain ag gach duine mar cuireadh a lán brú orainn riomh na réamhscrúdaithe. Bheartaigh gach duine sos a thógáil ón staidéar i gcomhair an briseadh lár tearma seo agus mar sin, bhí a lán pleananna ag gach duine chun rudaí éagsúla a dhéanamh i rith an briseadh lár tearma. 

Chuaigh mise agus mo chuig cairde go dtí dioscó oíche dé hAoine agus bhí an- craic againn cé go raibh sé breithlá amháin dos na cailíní chomh maith. Is é seo amháin dos na rudaí a thug mé di mar bhrontannas... cheap sí go raibh sé an- fhaiseanta agus smaointeach. 

Bhuel ag dul ar aghaidh go dtí an faisean a bhí le feiceáil ag an dioscó. Chaith an cuid is mó dos na daoine a bhí ann gúnaithe ach bhí sciortaí mó réilimh chomh maith. Tosnóidh mé lena mbrógaí a chaitheamar. 
Cheannaigh an cailín a chaith na brógaí seo iad sa siopa "Penneys" i gcomhair 21euro. Tá dearadh prionta liopard ar na bróga agus chaith sí iad le gúna a thug mé di. Cheannaigh mé an gúna i "New Look". Ba gúna dubh gan phatrún é agus mar sin, bhí na bróga go deas leis. Bhíomar sa sráidbhaile le chéile an deireadh seachtaine seo chaite agus cheannaigh sí na rudaí seo i gcomhair a n-inge sa siopa "New Look". 
Bhí siad ceithre euro. 
Is sórt greamáin iad a théann ar d'inge. 
Is mar seo conas a d'fhéach a n-inge nuair a bhí sí críochnaithe ag cur na greamáin ar a n-inge. 

Ansin, ag bogadh ar aghaidh go dtí mé féin, chaith mise bróga dubha as "Penneys"
Bhí siad an-árd ach bhíothas ábalta cópáil leo. Táim úsáidithe leis ag caiteamh bróga sál árd mar bíonn mé ag placaíocht le bróga mo dheirfiúr an t-am ar fad timpeall an tí. 
Is é seo an gúna a bhí á chaitheamh ag an gcailín lena mbróga prionta liopard agus an gúna a chaith mise. 
Bhí mo ghúna as boohoo.com 
Bhí sé fiche puint agus bhí na muinchillí déanta as lása. 
Chaith gach duine a lán bráisléid. Fuair mé cúpla dos na cinn a bhí á chaitheamh agam sa siopa "Penneys".. bhí ceann amháin péitseog trí euro agus cheannaigh mé paicéad eile ann i gcomhair cuig euro. Bhí mo bhráisléad Pandora á chaitheamh agam chomh maith le cúpla cinn as "River Island". 

Cheannaigh amháin dos na cailíní eile a bráisléid sa siopa "Claires". 
Bhí siad an- dathannach.

Bhí donnú bréige "Sally Hansen" á chaitheamh ag mise agus an cuig eile. 
Bheartaigh an seisear againn go mbeadh "Sally Hansen" an donnú bréige is fearr mar ní bhíonn aon stríocáin agus is fiú é i gcomhair 13 nó 14 euro. 

Seo iad na gúnaithe a bhí á chaitheamh ag na cailíní eile. Bhí trí cinn as an idirlín agus ceann eile as an sráidbhaile. 

An bhfuil aon phleananna agat i gcomhair an briseadh lár tearma?

Slán, x.

14 Feabhra

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 

Tá súil agam go mbaineann gach duine taitneamh as lá san vailintín agus go bhfaigheann gach duine a lán cartaí ;)

Bhí na siopaí plódaithe le rudaí faiseanta i gcomhair lá san vailintín ach i ndiaidh amárach, beidh na rudaí go léir imithe go dtí 2013. 

Slán, x.

Monday, February 13, 2012

Lá San Vailintín

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 

Bhuel, ar ndóigh, mar is eol daoibh. . . tá lá san vailintín ag teacht agus níos déanaí, beidh mé ag scríobh faoi éadaí i gcomhair an lá ach anois. . . beidh mé ag labhairt dóibh faoi na brontannais álainn atá le fáil. 

Ar dtús, is ceanaire í mo mham le bantreoirí na hÉirinn agus cuirim cabhair di leis chomh maith. 
Is é seo ceird gleoite a rinneamar le na donnóga (brownies).
Bhí áthais an domhain ag na páistí ag dul abhaile lena féileacháin faiseanta seo. 
Fuaireamar an teimpléad  ón nasc seo
Tá an ceann déanta as líreacán (lollipop).

Má tá tú ag súil chun brontannas a thabhairt do dhuine éigin, ní chaithfidh tú a lán airgid a chaitheamh ar. 
Tá sé níos mó faoin smaoineamh. 

An bhfuil aon phlean agat i gcomhair lá san vailintín?

Slán, x.

Sunday, February 5, 2012

An Bhliainiris

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 

Bhuel. . . thosaigh an cuigiú bhliain ag cruthú an bhliainiris i gcomhair Cnoc na Labhras 11/12 agus má táimid chun bliainiris faiseanta a bheith againn. . . caithfidh gach duine cabhair a thabhairt don téama.

Má tá aon ghrianghraif, aon ailt nó aon obair ealaíne, is féidir leat é a sheoladh go dtí

lhmag12@gmail.com

Tá leathanach Facebook ag an téama freisin. 

An bhfuil tú ag tnúth go mór leis an mbliainiris i gcomhair 11/12? 

Slán, x.

Saturday, February 4, 2012

Faisean- Foinse

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 

Mar is eol daoibh, tá na réamhscrúdaithe ar siúl faoi láthair. . . Bhí Gaeilge agam inné agus mar sin. . .
Maidin Dé hAoine, bhíothas ag súil chun a bheith i ngiúmar Gaeilge. 
Bhíothas sa charr agus chonaic mé an nuachtán "Foinse" ann agus thosaigh mé ag léamh é.
D'airigh mé alt suimiúil faoi jíons daite a scríobh Bláthnaid Ní Dhonnchadha. 

Bhí an t-alt ró fhada agus mar sin, nílim chun an rud ar fad a closcríobh amach ach. . . 
Go bunúsach (basically). . . bhí an scríbhneoir ag rá b'fhéidir go bhfuil suim ag daoine bheith ag féachaint níos dathannach gan a bheith róshamhrata (too summery). 
Agus is treocht iad jíons daite an lae inniu. 

Tá uimhreacha in aice le na jíons sa chéad pictiúr agus mar sin, tá tú in ann na praghasanna a fheiceáil. 

Mar nach bhfuil an samhradh anseo fós. . . is leid maith nuair atá tú chun jíons mar na cinn seo ná, 
téann siad go maith le geansaithe móra tiubha (thick). 
 Arís, Má tá tú ag smaoineamh. . . conas is féidir iad a chaitheamh anois nuair atá sé fós fuar gan a bheith ag breathnú i bhfad róshamhrata. 
Bhuel is dóigh leis an scríbhneoir agus aontaím léi freisin gur fiú smaoineamh ar na píosaí eile a chaithfidh tú leo. 
Má mheascann tú na jíons seo le dathanna atá níos dorcha mar shampla, cuirfidh sé an chulaith in oiriúint don séasúr seo. 

Bhain mé an- taitneamh as an alt sin agus bhí sé scríofa i stíl shimplí dhíreach freisin. 

Tá péire agam atá dearg/ fíon ach is fíon an- gheal iad agus is breá liom iad. . . cheannaigh mé iad i New Look cúpla seachtain ó shin. Ceapaim go gceannóidh mé péire eile i ndath eile níos déanaí. 

An bhfuil aon jíons daite agat?

Slán, x.

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com