Sunday, January 15, 2012

Céimeanna Chun Fáil Réidh i gComhair Dioscó.

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Bhí mise agus mo chairde ag an dioscó oíche dé hAoine. . .
Bhíomar ag súil chun dul mar bhí sé ar eolas againn go mbeadh sé an dioscó deireanach riomh na réamh scrúdaithe.

Bhí mo mhála pacáilte oíche Dé Deardaoin agus thug mé isteach go dtí scoil maidin dé hAoine mar i ndiaidh scoil, chuaigh mise agus mo chairde go dtí teach cailín amháin.
Bhí an mála an-trom ar fad. . . bhí an slogaide cistine istigh ann. . .
Is iad seo na rudaí a bhí agam chun fáil réidh i dteach mo chara:
  • Donnú Bréige (2)- Bhí ceann amháin oscailte agus bhí an ceann eile dúnta ach ag an deireadh ní raibh mé chun an ceann dúnta a oscailt.
  • Miotóg (Mit) chun an donnú bréige a chur ar mo choirp.
  • Sprae gruaige.
  • Dibholaíoch (deodorant).
  • Cumhrán.
  • Mála ollmhór lán le smideadh.
  • Seodora éagsúla.
  • Mo ghúna.
  • Mo bhróga.
  • Mo trilseacháin gruaige ach ag an deireadh. . . d'fhág mé mo ghruaig i stíl shimplí dhíreach.
  • Ingeanna bréagach.
  • Scuab gruaige.
  • Scuab Fiacla.
  • Fo- éadaí.
  • Ceamara. . .
  • Bríste gearr.
  • Fáiscín gruaige.
  • Cíor gruaige.
  • Díritheoir gruaige GHD.
  • Pionsúirín (tweezers).
Ní raibh aon spás fágtha sa mhála!

Is é an páirt is fearr liom ag dul go dtí dioscó ná ag fáil réidh. . . agus mar sin, is iad seo na rudaí a rinne mise agus mo chairde riomh ag dul amach go dtí an dioscó.

Ar dtús, bhíomar inár mbríste gearr (pitseamaí) chun donnú bréige a chur orainn.
Bhí "Sally Hansen" á úsáid ag gach duine a bhí ag fáil réidh liomsa.

Ansin, nuair a bhí an donnú bréige tirim, thosaíomar ag déanamh ár ngruaig.
Thógamar amach an díritheoir gruaige, trilseacháin gruaige, sprae gruaige, scuab gruaige, fáiscín gruaige agus an cíor gruaige.
Bhí gruaig casta ag beirt dos na cailíní a bhíos ag fáil réidh in aonacht leis.
Bhí gruaig cíortha ar ais (backcombed) agus díreach ag na triúr eile.

Is é seo gruaig amháin dos na cailíní.
Bhí gruaig casta aici agus bhí sé déanta mar sin le mo thrilseacháin "Mary- Kate" agus "Ashley".
Bhí fáisceán gruaige ins an gruaig ag coimeád ar ais píosa beag ag barr a ceann agus bhí a lán sprae gruaige sa ghruaig freisin.

Ansin, is é seo mar a chaith amháin dos na cailíní eile a cuid gruaige.
D'fhág sí é síos i stíl shimplí dhíreach agus mar an chéad cailín, bhí fáiscín gruaige ina gruaige chomh maith. Bhí cíor agus díritheoir gruaige á úsáid aici chun a gruaig a dhéanamh mar sin.

I ndiaidh sé sin, rinneamar ár smididh.
Bhí gach sórt smideadh á úsáid againn ó bonnsmideadh go línitheoir súile.
Thóg sé sin beagáinín tamaill mar bhí gach duine ag lorg an scáthán ach buíochas le dia, bhí "sliderobes" i seomra ár gcara agus bhí an balla ar fad tógtha suas le scátháin.

Ansin, chuireamar ár ngúnaithe orainn. . . bhí lán mo chairde agus mise ag caitheamh gúnaithe. . .
Cheannaigh beirt dos na cailíní a ngúnaithe sa siopa "Noname", bhí ceann eile as "boohoo.com", ceann eile as "Asos" agus an ceann deireanach as "New Look".
Bhí dath dubh ag ceithre dos na gúnaithe agus dath corcra ag an ceann eile.

agus rinneamar cúpla rud eile. . .
Chuireamar ár seodora agus bróga orainn.
Bhí réimse leathan seodora le feiceáil. . .
Chuir mé ceisteanna ar na cailíní agus is iad seo na siopaí a fuair siad a seodora.
Fuair an cailín seo lán a mbráisléid sa siopa "Penneys" seachas leis an ceann óir agus bán dearg . . cheannaigh sí an ceann sin i "River Island".
Cheannaigh an cailín seo a "Glow- Bands" sa siopa "Wonderworld" sa Chorrán.
Ba é seo mo lámha agus cheannaigh mé an tríú ceann isteach sa siopa "River Island" fuair mé an ceann in aice leis an gceann uachtar sa siopa "New Look" agus cheannaigh mé na cinn eile sa siopa "Penneys".
Cheannaigh an cailín seo a mbráisléid sna siopaí "New Look" agus "Penneys"

Agus ba é an rud deireanach a rinneamar ná chuireamar ár ingeanna bréagach orainn, scuabamar ár bhfiacla.
Chuireamar na ingeanna bréagach orainn ag an deireadh mar bhíonn sé níos éasca rudaí a dhéanamh gan iad.
Bhí inge bréagach ag triúr dos na cailíní agus sroicheamar an teach le ingeanna bréagach as "Penneys". . . Bhí siad go han- mhaith agus d'fhan siad ar ár ingeanna an oíche ar fad.
Ansin, chuireamar píosa don sprae gruaige orainn arís agus d'imíomar amach an doras.

An maith leat ag fáil réidh i gcomhair dioscó?

Slán, x.

3 comments:

  1. Tá an layout nua go hálainn.

    ReplyDelete
  2. wow, an suíomh ag féachaint go hálainn

    ReplyDelete
  3. Iníon Uí IarlaitheTuesday, January 17, 2012

    Iníon uí Iarlaithe anseo,
    is breá liom an leagan amach nua. An-proifisiúnta agus is aoibhinn liom an suíomh go léir. Fair play daoibh!

    ReplyDelete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com