Friday, December 30, 2011

Vearnais Inge "Angelica"

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Cúpla lá ó sin, rinne mé m'inge leis an vearnais inge "Angelica".
Ba vearnais inge "crackle" é agus ciallaíonn sé sin go scaraíonn an vearnais inge nuair a chuireann tú brait ar d'inge. . .
Is é seo físeán ag insint duit conas ba chóir duit an vearnais seo a chur ar d'inge.
Tá tú in ann an vearnais seo a cheannach sa siopa "Penneys" agus tá a lán dathanna eile ar dhíol ann fosta. Rinne mé m'inge sa fhíseán sin le buidéal corcra ach tá buidéil gorm agus bán agam chomh maith. . .
Ní bhranda "Penneys" é an vearnais inge seo ach tá tú in ann é a cheannach ann. . .
Bíonn a lán daoine ag caitheamh an vearnais inge seo agus is maith liom é mar tá sé beagáinín éagsúla ná vearnais inge normálta.
Is é seo pictiúr ag taispeáint dóibh an difríocht idir vearnais inge normálta ar d'inge ina aonaire agus ansin ar chlé. . . vearnais inge normálta leis an vearnais inge "crackle" ar barr an ceann normálta. Chuir mé an vearnais inge ar inge bréagach freisin. . !

An úsáideann tú an vearnais inge seo nó ar chonaic tú éine eile ag caitheamh é?

Slán, x.

No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com