Tuesday, December 13, 2011

An Héilics Inniu- Nuacht Mhaith!

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Nílim ach ar ais ó Bhaile Átha Cliath cúpla noiméad. . .
Agus is nuacht an-mhaith é. . . Bhuamar an duais i gcomhair ár gcatagóir "Suíomh Is Fearr" :-)

Bhí am iontach againn. . bhí comhluadar againn ar an traein ó na cailíní as Top Button agus Ar An gCúlráid ach ar an drochuair, níor bhuaigh siad na duaiseanna ina gcatagóir. . .

Mar sin, bhí áthas an domhan orainn ag teacht abhaile le trófaí amháin. . . agus ba rud iontach é go raibh triúr blaig ónár scoil ann.

Seo iad cúpla de na grianghrafanna a thóga

mar sa Héilics. . .
Bhí an- chuid faisean le feiceáil ann freisin. . . gruaig agus smideadh na ndaoine.
Ba é seo ár seastán. Fuaireamar balúin as Fóras na Gaeilge agus bhí milseáin againn i gcomhair na daoine a bhí ag dul timpeall. Bhí dhá ríomhairí againn. . . ríomhaire glúine agus Netbook.
Is é "Jack Wise" an fear seo. . . is draíodóir (magician) é agus bhí sé an-ghreanmhar ar fad.
Bhí sé ag dul timpeall na seastáin ag déanamh draíochta. . .
Agus rinne sé draíochta ag an searmánas ar an stáitse.

Bhíomar chun seasamh mar seo ag caint do na páistí, moltóirí agus muinteoirí a bhí ag dul timpeall. Bhíomar chun a lán ceisteanna a fhreagairt agus eolais faoin mblag a thabhairt do dhaoine eile.
Is é seo Jack Wise ag déanamh draíochta.
Bhíomar lag ag na cleasaí a bhí á dhéanamh aige. . .
Ach bhí Iníon Ní Iarlaithe beagáinín buarthach nuair a thóg sé a fáinne póstaí chun cleas eile a dhéanamh. . .! Buíochas le Dia bhí sé ceart go lóir agus ag an deireadh ba cleas an-mhaith é!
Ba é Aidan Power an láithreoir agus ba fhear an- deas é.
Is iad seo mise, Sorcha, Iníon Uí Iarlaithe agus fear as Fóras na Gaeilge nuair a fuaireamar ár nduais.
Ba lá fada é mar níor shroiceamar abhaile go dtí beagnach a seacht a chlog. . . mar sin, thugamar ár mbuíochas d'Iníon Uí Iarlaithe agus Iníon Ní Shiocháin le cártaí, maighnéad agus "keyring".
Ba mhaith linn go raibh maith agat ollmhór a chur dos na muinteoirí sin go háirithe Iníon Uí Iarlaithe i ndiaidh a oibre crua ag fanacht chun labhairt linn i ndiaidh ranganna agus freisin lán an obair a rinne sí le Top Button agus ag tabhairt comhairle dúinn.
Chomh maith le na muinteoirí. . . go raibh maith 'agat' as ag féachaint ar an mblag!



Slán, x.

1 comment:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com