Saturday, December 10, 2011

Faisean sa Seomra Leapa!


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Níos déanaí inniu, bhí mé ag féachaint timpeall mo sheomra leapa agus cheap mé gur d'fhéach na ballaí an-fholamh ar fad. . .

Mar sin, thosaigh mé ag féachaint i mo tharraiceáin agus d'aimsigh mé a lán grianghrafanna.
Bhí blútac agam agus smaoinigh mé go mbeadh sé deas na grianghrafanna sin a chur suas i mo sheomra leapa. . .

Mar sin. . . thosaigh mé agus is mar seo conas a d'fhéach sé. . .



Bhí mé an-sásta ar fad leis agus beidh mé in ann níos mó grianghrafanna a réaladh agus níos mó a chur suas. . .
Bhí lán na grianghrafanna sin i mbosca. . . ach anois. . táim in ann lán iad a fheiceáil ag an am céanna agus anois, tá mo sheomra leapa ag féachaint an- fhaiseanta agus an-dathannach ar fad.

Ní chaithfidh ach a bheith blútac agus grianghrafanna agat chun é seo a dhéanamh. . .
Agus anois, táim in ann mo theaglach agus mo chairde a fheiceáil gach lá. . .


Ansin. . . Mar tá Nollaig ag teacht. . . bhíomar ag tógáil síos na maisiúcháin ón áiléar agus d'aimsigh mé crann Nollaig gleoita agus beag i gcomhair mo sheomra leapa. . .
Mar sin. . . tá mo sheomra leapa ag féachaint faiseanta i gcomair am Nollaig freisin.

An bhfuil aon ghrianghrafanna agat i do sheomra leapa?

Slán, x.

1 comment:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com