Tuesday, November 15, 2011

Riteoga is Fearr sna Siopaí


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Níos déanaí inniu, d'fhág duine trácht ar an mblag ag súil le post
faoi na riteoga (tights) is fearr atá ar dhíol sna siopaí. . . Is breá linn smaointí
mar sin agus má thá aon smaointí agat, is féidir leat trácht a fágáil freisin.


Mar sin, rinne mé píosa taighde. . .

Is é an áit a ceannaím an chuid is mó de mo riteoga ná "Penneys" ach tá
péirí as siopaí eile agam chomh maith.

Mar anois. . . tá an aimsir ag eirí an-fhuar. . . is smaoineamh maith iad riteoga.

Tá tú fós in ann sciortaí a chaitheamh. . . tá tú fós in ann gúnaí a chaitheamh
agus tá tú fós in ann bríste gearr a chaitheamh. . . ach le cúlpáirte amháin-
riteoga!. . . nó tá luiteoga (leggings) mó réilimh freisin.

Tá a lán sórt riteoga ar dhíol. . . seo iad cúpla don iad.

Tá tú ábalta riteoga cróin a cheannach. . .


Is iad seo na praghsanna atá ag na cinn atá ar dhíol ag "New Look".
Níl siad ró-dhaor agus le ritoega cróin. . . beidh d'fheisteas a
lán níos fearr. B'fhearr leat iad seo a chaitheamh ag dul go dtí coisir
le gúna nó rud éigin mar sin ach. . .Nuair atá tú sa sraidbhaile nó ag dul ag siopadóireacht. . .
b'fhéidir go b'fhearr leat riteoga le dath eile a chaitheamh. . .Chomh maith le
"New Look", tá tú in ann riteoga saor a cheannach i "Penneys"
agus "Dunnes Stores".


Ansin, tá riteoga olla (woollen).
Seo iad na cinn atá ar dhíol i "New Look" arís mar níl aon shuíomh ag
"Penneys" lena héadaí atá ar dhíol ann. . .
Bíonn na riteoga olla beagáinín níos daora ná na cinn eile. . .

Ach chomh maith, ceapaim go bhfuil riteoga an-fhaiseanta i "Top Shop". . .
Tá siad níos daora ná na cinn eile ach go hálainn. . .


Is féídir leat riteoga mar na cinn seo a chaitheamh le bríste gearr. . .

Agus ansin. . . na cinn is mó réilimh. . . riteoga teimhneach (opaque)
dhubha. Tá riteoga dhubha deas le gúnaí, sciortaí agus chomh maith bríste
gearr ach bí cuaramach. . .Ná cur gúna le dathanna atá lán geal le riteoga dhubha mar ní bheidh
sé ró dheas. . .Caitheann daoine cáiliúila iad an t-am ar fad!
Seo iad Olivia Palermo, Alexa Chung agus Nicole Richie, lán ag féachaint go
hálainn le riteoga dhubha agus bríste gearr.


Is é seo físeán maith a chonaic mé ar "YouTube".
Cliceáil anseo chun é a fheiceáil.

B'fhéidir leis an bhfíseán seo, geobhaidh tú smaointí faoi
cad ba cóir duit a chaitheamh le riteoga.
B'fhéidir go bhfeicfidh tú an sórt bróga go b'fhearr leat caitheamh le riteoga deimhneach. . .

Agus ag an deireadh. . . tá tú in ann riteoga le patrún a cheannach. . .
Is iad seo cúpla de na cinn atá ar dhíol sna siopaí. . .


Seo iad na cinn atá ar dhíol i "NewLook" ach tá cúpla péirí i "TopShop" freisin.

Agus ná déan dearmad chun dul go dtí "Penneys". . . tá na praghsanna is saora ag "Penneys". . .

Agus chomh maith le sin. . . tá tú in ann luiteoga (leggings) a chaitheamh le t-léinte fada agus gúnaí. . .
Tá siad an-deas le buataisí go háirithe buataisí UGG. . .
agus anois leis an aimsir. . ní bheidh tú fuar le buataisí UGG agus luiteoga maith.
Tá tú in ann luiteoga a cheannach i réimse dathanna agus tá siad ar dhíol in a lán siopaí mar shampla Penneys, NewLook, River Island, Dunnes Stores, H&M, Noname. . .

Chomh maith le sin, nuair atá riteoga agat. . . caithfidh tú iad a coimeád áit éigin i do sheomra leapa. . coimeádaim mo riteoga i dtairraiceán (drawer) i mo sheomra codlata.
Ceapaim gur maith an rud é seo mar aon am atá mé ag súil chun riteoga a
chaitheamh, táim in ann na dathanna atá agam a fheiceáil agus péire a phíocadh.

Cá coimeádann tusa do riteoga?

Slán, x.

1 comment:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com