Saturday, November 12, 2011

Coimeád do Mhála Smideadh Folláin

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Ar maidin, bhí mé ag léamh an t-irischlár "Take A Break". . .

Agus is é seo an t-alt a chonaic mé. . .

Léigh mé é agus ba mhaith liom na rudaí a bhí ins an alt a roinnt libh mar tá siad an- mhaith agus b'fhéidir nach bhfuil cúpla de na cinn ar eolas agat. . .

  • Nígh do scuaba smideadh go minic b'fhéidir gach coicís más úsáideann tú iad go minic le seampú caoin mar níl tú ag lorg baictéir ar do scuaba . Tar éis an seampú caoin, sruthlaigh (rinse) iad agus cur iad ar thuáille chun a fháil tirim.

  • Nígh d'aghaidh agus do lámha ríomh ag tosnú ag cur smideadh ar d'aghaidh.

  • Tá sé an-bhrónach ach fíor. . . mar bhainne agus iógart agus bia eile. . . ní stoc fadreathach é smideadh. . .
Mar sin, bí ag féachaint amach le haghaidh an "Period After Opening (PAO)" siombail ar do smideadh agus do tháirgí áilleachta (Beauty products) eile chomh maith. . .
Is mar seo conas a fheiceann an siombail "PAO" ach b'fhéidir go mbíonn uimhir difriúil ar phíosaí smideadh agus táirgí áilleachta éagsúla. . .

Deirfidh an siombail seo cé mhéad mhí go b'fhearr an píosa smideadh a bheith oscailte le haghaidh. . . agus tar éis an t-am sin, b'fhearr leat é a chur sa bhrúscar.
Mar sin, d'oscail mé mo mhála smideadh agus d'fhéach mé ar mo smideadh chun a fheiceáil an siombail ach ní raibh sé ar gach rud. . .

Ní raibh aon siombailí ar na rudaí seo. . .


  • Mo scáthú súl "No.7"
  • Mo bhonn smideadh "Bourjois"
  • Mo scáthú súl as "Accessorize"
  • Mo línitheoir súl "Yves Saint Laurent"
  • Mó bhéal dath "Estée Lauder"
  • Mo fholaitheoir (concealer) "Natural Collection"
  • Mo línitheoir súl "Urban Decay"
  • Agus mo scáthú súl "Bed Head"
Ach bhí siombailí ar na rudaí seo. . .
  • Mo dhonnaitheoir a cheannaigh mé i "Penneys"
  • Mo dhíbholaíoch rollógach "Nivea"
  • Mo chumhrán
  • Mo mhascára "Yves Saint Laurent"
  • Línitheoir súl leachta "L'Oreal"
  • Mo shnas béil (lipgloss) "Benefit"
Agus cúpla rudaí eile chomh maith. . .

Mar sin, rinne mé níos mó taidhde ar an idirlíon agus chonaic mé an pictiúr seo. . .
Níl ach treoir garbh é sin. . . b'fhéidir go mbeidh sé difriúil ar do phíosa smideadh. . .

Seo iad cúpla de na "PAO" siombail a chonaic mé ar na rudaí atá agam i mo sheomra leapa. . .
Bhí ceann ar mo dhíbholaíoch rollógach (roll-on deodorant). . .

Bhí ceann ar mo dhonnú bréige (fake tan) a cheannaigh mé i "Penneys". . níl an ceann seo ach 2euro.. an- saor ar fad ach úsáidim ceann Sally Hansen an cuid is mó de na ham mar ceapaim go bhfuil sé níos fearr. . .

Agus bhí siombail PAO ar mo dhonnatheoir (bronzer). . .

Is é sin an fáth go bhfuil sé níos fearr chun mascára maith agus daor amháin a cheannach in áit cúpla cinn atá saor a cheannach. . . mar beidh tú chun iad a chur sa bhrúscar tar éis cúpla mí mar beidh an PAO suas ach b'fhéidir nach mbeidh siad lán follamh. . .

Is é seo an pointe a bhí san irischlár faoin siombail PAO. . .
  • Chomh maith le sin, ná roinn do smideadh le daoine eile mar b'fhéider go ndeirfidh tú suas ag roinnt ionfhabhtú craiceann (skin infection) chomh maith!

  • Ná chur do mhála smideadh sa sholas gréine agus bí cinnte go bhfuil lán do smideadh dúnta i gceart.
Tá súil agam go raibh an post seo fóinteach.

Cad é an píosa smideadh is tabhachtaí dar leat?


Slán, x.

2 comments:

  1. tá mascara agam . tá sé dhá bliain d'aois

    ReplyDelete
  2. Bí cuaramach... b'fhéidir go ngeobhaidh tú ionfhabhtú súile!!

    ReplyDelete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com