Saturday, May 25, 2013

Whooo Samhradh

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Bhuel mar a fhaca sibh sa teideal tá sceitimíní an domhain orm a bheith saor ón scoil don samhradh. Is breá liom scoil- dáiríre, go háirithe an idirbhliain ach bhí sos ag teastáil uaim agus táim ag tnúth go mór leis an am a thabhairt dom féin rudaí éagsúla a dhéanamh i rith an tsamhraidh agus am a chaitheamh ag déanamh rudaí eile seachas le tionscadail scoile! 
Beidh go leor "stuff" le plé agam i rith an tsamhraidh agus tá liosta nó plean beag déanta amach agam don chéad seachtain nó dhó. Is iad dul go dtí ceolchoirmeacha, post páirtaimseartha agus dul go dtí an Ghaeltacht ach cúpla rud a bheidh á dhéanamh agam an samhradh seo. 
Tá díomá orm nach raibh Paisean le hAghaidh Faisin beo i gceart i rith na hidirbhliana- an bhliain amháin gur cheap mé go mbeadh sé beo beo agus níos fearr ná ríamh ach táim ar ais anois don samhradh agus táim sásta go leor leis sin. 
Bhíos sa Fhrainc le déanaí agus mar sin beidh go leor le hinsint agam faoi sin agus bhí sé mo bhreithlá ag tús mí na Bealtaine agus mar sin beidh go leor rudaí le scríobh agam faoi. 


Má tá do laethanta saoire faighte agat, tá súil agam go gcuireann tú tús maith leo! 

Sionainn, x. 



6 comments:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com