Tuesday, January 15, 2013


Aimsiú na Seachtaine


Dia daoibh Sionainn anseo, 

Seo deighleog nua ar an mblag- Aimsiú na Seachtaine. Sa deighleog seo, taispeánfaidh mé rudaí iontacha atá cumtha (invented) nó rudaí eile a chuireadh ionadh ort nach bhfuil agam fós. An tseachtain seo, is é an rud a d'aimsigh mé ná sciath mascara (mascara shield). N'fheadar cén fáth nár smaoinigh éinne ar seo níos luaithe mar i mo thuairim, bheadh sé an-úsáideach domsa. Is eol dom go bhfuil tú in ann iad a cheannach in Éirinn ar an idirlíon ach ní fhaca mé iad in aon siopaí i Luimneach fós. Is é cad a dhéanann na sciatha seo ná go gcosaíonn siad chaipín súille (eyelid) ó mhascara- dochreidte. 
Mascara Shield
Is féidir sciath a úsáid sa treo seo nó os cionn d'fhabhraí. Gach uair a bhainim triail as mascara a chur ar bhun m'fhabhraí, cuireann sé trustrachas orm mar go dtéann sé ar mo chaipín súille gach aon uair agus tá sé go holc do do chraiceann bheith ag cuimilt (rubbing) é mar sin mar go méadaíonn sé an seans do roic (wrinkles) a fháil nuair a bhíonn tú níos sine. N'fheadar fuaibhse ach ceapaim gur smaoineamh iontach é seo. Is aoibheann liom giuiléidí mar sin. 
Is féidir ceann a cheannach anseo i gcomhair €13.99. Ceapaim go bhfuil sé beagáinín ró dhaor i gcomhair píosa plaisteach ach caithfidh tú smaoineamh ag an am céanna ar an difríocht a dhéanfadh sé do do chuid craicinn. Táim dáiríre nuair a deirim go bhfuilim ag smaoineamh faoi cheann a cheannach ach déanfaidh mé níos mó taighde ar phraghasanna maithe agus cuardóigh mé na siopaí ar dtús. 
Súil agam gur bhain sibh taitneamh as an gcéad alt faoin deighleog "Aimsiú na Seachtaine"- má tá fadhbanna agaibh le smideadh eile nó le héadaí, inis dom agus déanfaidh mé taighde ar réiteach a aimsiú. 

An bhfiú an praghas sin a íoc as píosa plaisteach? An fhaca sibh iad seo sna siopaí i Luimneach? 

Le grá, Sionainn. 


3 comments:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com