Wednesday, September 5, 2012

Dúshlán Aibidile

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Is é dúshlán (challenge) atá á dhéanamh ag a lán daoine sa domhain faisin ná an dúshlán aibidile. 
Chun an dúshlán seo a dhéanamh, caithfidh tú gach litir den aibidil a thógáil- ceann amháin gach lá agus rud éigin a bhaineann leis an litir sin a chaitheamh gach lá, mar shampla "A"- b'fhéidir leat prionta Astacach a chaitheamh nó "B"- b'fhéidir buataisí. 
Má dhéanann tú é i mBéarla, leanann sé ar aghaidh i gcomhair 26 lá ach mar go bhfuil blag Gaeilge é seo, bheadh sé á dhéanamh agam as Gaeilge agus mar sin, ní bheadh sé ach 18 lá má tá an ceart agam. 
Ach, má bheadh tú ar scoil, bheadh sé an- deacair na rudaí a chaitheamh. B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr é a dhéanamh i rith am Nollaig nó i rith an tsamhraidh.  

An mbeadh tú suas don dúshlán seo? 


2 comments:

  1. Céard faoi na gutaí fada? Go n-éirí leat leis an dúshlán.

    Mar duine gan faisean (faisean ann fhéin sin) ní bheidh mé in iomaíocht leat.

    ReplyDelete
  2. Ó b'fhéidir go ndéanfainn iad sin freisin... Caithfidh mé lá a phiocadh chun tosú. Go raibh míle maith agat as an gcomhairle :-).

    ReplyDelete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com