Friday, August 17, 2012

Ingne Astacach


Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Níor dhein mé aon phoist faoi ingne tar éis an Teastas Sóisearach go dtí seo. Mar sin cheap mé go raibh sé in am ceann a dhéanamh. 
Bhí m'ingne fada i lár an tsamhraidh, creid é nó ná creid ach tá náire orm chun a rá go raibh siad gearr nuair a dhein mé m'ingne mar seo. 
Chonaic mé físeán ar YouTube ag taispeáint duit conas ingne astacach a dhéanamh. Cheap mé go mbeadh sé a lán níos deacra ach bhí sé ceart go leor. Is é an fadhb amháin aonaire a bhí agam ná ag déanamh mo lámh chlé mar go bhfuil ciotóg mé. Ceapaim go mbeadh siad níos áille más raibh ingne bréige á chaitheamh agam agus más chur mé an vearnais ingne ar n'ingne bréige in ionad m'ingne féin mar go mbeadh siad níos faide. 
Is iad seo na vearnais ingne a úsáid mé chun m'ingne a dhéanamh. 
"N.Y.C Quick Dry Top Coat With Minerals",
"Catrice 070 Same Seine But Different",
"Rio Professional Nail Art Pen & Brush" x 4 (Ceann buí, ceann dubh, ceann gorm agus ceann dearg). 

Ar dtús, chuir mé bonn cóta den vearnais trédhearach ar m'ingne. Tar éis sin, chuir mé an vearnais ingne "Catrice" ar lán m'ingne. 
Ansin, thosaigh mé ag déanamh straidhpeanna randamach ar m'ingne lena dathanna buí, dearg agus gorm. 
Nuair a bhí na straidhpeanna tirim, d'úsáid mé an ceann dubh chun na straidhpeanna a imlíniú (outline), chun poncanna a dhéanamh agus chun línte fiarláin (zig zag) a dhéanamh. 

Nuair a bhí gach rud tirim, chuir mé cóta amháin deireanach den vearnais trédhearach ar m'ingne. 
Ceapaim go raibh siad ceart go leor mar go raibh sé mo chéad uair ag déanamh iad. 
Más raibh mé chun iad a dhéanamh arís, d'úsáidfinn dath bán in ionad an vearnais ingne béasa. Ceapaim go bhféachfadh sé níos fearr. 

Seo é pictiúr d'ingne astacach a dhein duine eile atá go hálainn ach ar ndóigh, bhí sé ar eolas agam nach mbeadh m'ingne aon rud cósúil le sin mar go bhfuil tosaitheoir mé. 

An maith leat ag déanamh patrúin mar seo ar d'ingne? 




2 comments:

  1. Go bhoir a dhia ! (< raibh mé litriú go ceart ?) Tá do tairní iontach! Tá siad sin cool! Is breá liom cló Aztec tá siad mar sin spraoi a dhéanamh agus má tá tú botúin a dhéanamh tá siad deacair a thabhairt faoi deara

    ReplyDelete
  2. Ceapaim :P.. Go raibh maith agat.. Tá an ceart agat :)

    ReplyDelete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com