Monday, August 27, 2012

Dea- Nuacht

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

An tseachtain seo caite, ba cailín normálta ciúin mé ag baint taitneamh as an samhradh agus ag suí ar mo leaba ag scríobh suas ar an mblag seo. An tseachtain seo, beidh cailín gnóthach mé a bheidh ar ais ar scoil agus ag taisteal ó Luimeach do dtí Baile Átha Cliath go dtí Co. na Gaillimhe. 

An t-am ar fad, bhain mise an-taitneamh as ag déanamh poist ar Paisean le hAghaidh Faisean. Cheap mé go raibh sé go maith mo chuid Gaeilge a úsáid agus fanacht beo sa domhain faisin agus níor réalaigh mé go raibh  mo bhlag comh aithnidiúil ná a bhfuil sé. 

Go dtí seo, cheap mé go raibh sé go hiontach gur bhuaigh Paisean le hAghaidh Faisean duais ón "Junior Spiders Awards" don bhlag is fearr as Gaeilge ach anois, tá sé ar eolas agam go bhfuil Paisean le hAghaidh Faisean chun dul ar aghaidh chun gnóthachtálacha eile a fháil. 

Ar an gCeadaoin, beidh mé ag dul go dtí Baile Átha Cliath don dara uair leis an mblag i gcomhair seoladh sceideal Fómhair TG4 2012 in éineacht le Iníon Uí Iarlaithe. Ar an Deardaoin, beidh mé ag dul go dtí Co. na Gaillimhe chun triail scáileáin a dhéanamh leis na daoine as an gclár teilifíse "Ponc XL". Táim an- áthasach go bhfuair mé cuireadh chun dul go dtí na háiteanna seo agus beidh onóir é bheith ag na rudaí seo. Tá sceitimíní orm mar go mbeidh mé ag bualadh le daoine ón teilifís chun caint libh faoi mo bhlag féin! Táim beagáinín néirbhíseach freisin ach i ndáiríre, tá sé ar eolas agam go mbeidh gach rud ceart go leor. Tá an t-ádh orm na seansanna seo a fháil agus táim an- bhuíoch as na seansanna seo. Ba mhaith liom "Go raibh maith agat" a rá do gach duine as an tacaíocht a thug siad liom go háirithe Iníon Uí Iarlaithe, na muinteoirí eile, mo theaghlach agus mo chairde. 

Cliceáil anseo chun meabhrúchán (reminder) don chomhaireamh síos i gcomhair scoil a fheiceáil... Scanrúil nach bhfuil? Tá fonn orm dul isteach anois agus fáil amach cé eile atá i mo rang agus cén múinteoirí atá agam ach... caithfidh mé fanacht cósúil le gach duine.

An bhfuil tú ullmhaithe don scoil? 





4 comments:

  1. Lorna O' Byrne xxxTuesday, August 28, 2012

    Ó MO DHIA!!!!!! Comhghairdeas!!!!!!!!!!!!!! Níl aon chailín níos tuilte ná tusa!! Oibríonn tú go dian agus tá sé le feiceáil sa bhlag!!! Maith thú!! Go n-éirí leat!!xx

    ReplyDelete
  2. Awh Lorna :D Go raibh míle maith agat! Is cinnte go mbeidh muinín agam tar éis lán an aiseolas dearfach :') Is breá liom ag feiceáil go bhfuil tú ag baint taitneamh as Paisean le hAghidh Faisean. Feicfidh mé thú ar an Aoine agus beidh mé ábalta insint duit faoin rud go léir :) xx

    ReplyDelete
  3. Go hiontach Shannon! Maith thú! Táim cinnte gur bhain tú an-taitneamh as an lá inniu i mBAC agus gan dabht bhí tú deas nádúrtha leis na réaltaí ó TG4. Táimid go léir an-bhródúil asat sa seomra foirne agus guímse gach dea-ghuí ort i gcomhair amárach ós comhair na ceamaraí!!!! Go n-éirí go geal leat beidh mé ag smaoineamh ort. Cífidh mé thú ar scoil ar an aoine agus mé ag tnúth le do scéalta a chloisteáil ó inniu agus amárach! xxx Iníon Uí Shíocháin

    ReplyDelete
    Replies
    1. Iníon Uí Shíocháin, go raibh míle maith agat! Is cinnte gur bhain mé an- taitneamh as an lá. Bhuail mé le daoine álainn ann, iad go léir sásta agallaimh a dhéanamh liom nó pictiúir a thógáil liom agus anois tá plean againn i gcomhair todhchaí Paisean le hAghaidh Faisean freisin. Beidh lán na físeáin agus gach rud eile suas go luath. Go raibh maith agat, ceapaim go mbeidh mé ceart go leor mar go rabhas ag caint le cúpla daoine ón stiúideo inniu. Súil agam go mbeidh sé ceart go leor agus is deis iontach é dul go dtí an stiúideo chun an triail scáileán seo a dhéanamh. Inseoidh mé gach rud duit ar an Aoine! Slán go Fóill, Sionainn.

      Delete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com