Dia dhaoibh Sionainn anseo,
Tá "bandeaus" agus "bralets" ar dhíol gach áit an samhradh seo agus tá siad á chaitheamh ag gach duine, gach áit- ag an trá, ag an dioscó, sa sráidbhaile.
Tá "bralet" amháin agus dhá "bandeau" agam.
Seo "bralet". Tá siad cósúil le barr gearr agus tá siad an- ilúsáideach ar fad.
Níor chaith mé an ceann seo ón dara bliain ach tá sé fós i mo vardrús. Caitheann daoine iad le sciortaí a bhíonn ard ar an gcoim nó bríste gearra nó le treabhsair. Cheannaigh mé é sa siopa "New Look" an samhradh seo caite ach an samhradh seo tá siad ar dhíol i lán na siopaí- Penneys, H&M, River Island.
Seo sampla de cheann a bhí ar dhíol sa siopa Topshop. Tá Topshop tar éis taispeáint dúinn go dtéann siad le a lán rudaí éagsúla agus nach gcaithfidh tú bheith leath- neamhurraithe (half- naked) chun ceann a chaitheamh.
Ansin, is "bandeau" é seo. Tá ceann gorm agus ceann corcra agam. Tá siad cósúil le veist ghearr. Caitheann cúpla daoine iad ina aonair- gan aon bharr eile ach caithim iad má tá léine atá beagáinín trédhéarach á chaitheamh agam (transparent) agam.
Is féidir leat an ceann corcra a fheiceáil sa phictiúr seo faoi léine as "River Island" a chaith mé.
Cheannaigh mé na cinn atá agam sa siopa New Look. Ceapaim go raibh sé cúig euro i gcomhair ceann amháin ach ocht euro i gcomhair dhá ceann.
An bhfuil "bandeau" nó "bralet" agat?
No comments:
Post a Comment
Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!