Tuesday, November 29, 2011

Nollaig!

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Inniu, bhí mise agus Sorcha ar na ríomhairí sa leabharlann agus tháinig Iníon Ní Fhearghail (muinteoir francíse a rinnemar agallamh le) ag insint dúinn faoi conas is féidir leat do leathanach "Facebook" a chur as francís. . .
Bhí sé sin ar eolas agam ach rinne mé dearmad faoi. . .
Chomh maith le francís ar ndóigh, is féidir leat é a chur as gaeilge chomh maith. . .
Chun é a dhéanamh caithfidh tú dul isteach go dtí "account", "account settings", "language" agus ansin, píoc an teanga!

Mar sin, bhí mé ar "Facebook" anocht i gcóir cúpla noiméad riomh seo agus chonaic mé stádas a chur duine éigin suas faoi Nollaig!. . . ag rá go mbeidh sé i bhfiche cúig laethanta! :D

Tá sceitimíní áthas orm faoi na laethanta saoire ach. . bhí fadhb beag agam nuair a bhí mé ag scríobh mo litir go dtí Santa!! . . . Ní raibh a fhios agam cad ba chóir dom a fiafraí. . .

Agus nuair a bhí mé ag caint le mo chairde . . . bhí an fadhb céanna acu. . .
Níl a lán smaointí agam agus mar sin, táim ag lorg smaointí!
Is "girly-girl" mé beagáinín. . . ní "tom-boy" mé ar aon nós. . .

Mar sin. . . chuaigh mé ar an idirlíon agus chuardaigh mé le haghaidh smaointí. . .
D'aimsigh mé suíomh amháin atá an-mhaith. . .
Cliceáil anseo chun é a fheiceáil. . .
Tá tú in ann an sort duine atá tú a phíocadh agus ansin, tagann smaointí suas. . .
An bhfuil tusa ag súil go mór le Nollaig?

Slán, x.

No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com