Monday, October 24, 2011

Carolín: Comórtas Cuisle


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
An tseachtain seo chaite, fuair Carolín (an cailín a rinne agaillimh linn chomh maith) nuacht an-mhaith.
Tháinig sí sa chéad áit i gcomórtas "Cuisle."
Is comórtas filíocht é an comórtas seo agus scríobh Carolín dán an deas.
Seo é an dán:

Ár gCuimhní
Anois is gaoth bhog ag séideadh,
Is muid sa ghairdín inár luí,
Ag caint go ciúin ar an bhféar,
Is féachaint ar an ngrian ag dul faoi.

Beidh brón orainn ag fágail,
Ach geallaimid bheith ar áis go fóill,
Anois deirimid slán, ach
Mairfidh ár gcuimhní go deo.

Nach dán álainn é sin?

Bhuel. . . faoin faisean. . . Is é seo pictiúr do Carolín réidh chun dul go dtí dioscó!

Tá sí ag féachaint go hálainn.
Chuireamar cúpla ceisteanna di faoin feisteas seo.
Seo iad na siopaí a cheannaigh sí na héadaí atá tú ábalta a fheiceáil sa ghrianghraf.

Sciorta- Noname
Léine- Tally Weijl
Gearrthóg Gruaige- Penneys
Bráisléid- Penneys+H&M

Comhghairdeas Carolín, maith thú :-)

2 comments:

  1. an bhfuil taganna agus catagóirí agat ar do bhlag?

    ReplyDelete
  2. Níl aon taganna agus catagóirí againn ach bhíomar ag smaoineamh chun iad a dhéanamh. An ceapann tú go mbeadh taganna agus catagóirí go maith?

    ReplyDelete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com