Monday, August 27, 2012

Cad A Cheannaigh Mé...

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Comh maith leis an vearnais ingne Essence agus an seit as TX Maxx, cheannaigh mé cúpla rud eile i dTrá Lí. 
Ní raibh a lán ama againn chun dul ag siopadóireacht mar go raibh rudaí eile á dhéanamh againn ach d'áitigh mé (I insisted) go rabhamar chun beagáinín siopadóireacht a dhéanamh i rith na seachtaine. 
D'inis mé dom féin nach rabhas chun aon éadaí ócáideach (casual) a cheannach mar go bhfuil go leor agam. 

D'fhan mé leis an bplean sin agus is iad na héadaí aonaire a cheannaigh mé ná na gúnaí seo. Ní héadaí ócáideach iad agus nuair a chonaic mé an siopa, bhí gá orm dul isteach. Is é an t-ainm a bhí ar an siopa ná "Bazaar" ach is é an t-ainm a bhí ar an mála a fuair mé sa siopa ná "Shindig". Ceapaim go úsáideann siad an dá ceann. Tá an siopa suite ar 17 Sráid an Ruiséalaigh, Trá Lí. Ní raibh aon ghúnai a chonaic mé sa siopa seo le feiceáil i Luimneach agus fiú amháin go raibh cúpla cinn beagáinín daor, bhí cúpla cinn eile saor. 
Is é an branda atá ar na gúnaí seo ná "Motel Rocks". Is féidir leat dul ar an suíomh seo agus rudaí a cheannach ón idirlíon freisin. Cliceáil anseo chun é a fheiceáil.

Bhí an ceann ildaite triocha cúig euro agus ní raibh an ceann eile ach cúig déag euro. Bhí an gúna dubh caoga cúig euro sa chéad áit ach bhí sé ar ráille le gúnaí eile a bhí ar lacáiste (reduced). Nuair a bhíonn gúna á lorg agam i Luimneach, ní bhíonn a lán roghanna agam agus an cuid is mó den am, fanaim le ceann dubh ach thaitin na gúnaí seo go mór liom agus anois, tá áthas orm go mbeidh mé ullmhaithe don chéad dioscó eile. 


Ansin sa siopa Penneys, cheannaigh mé paicéad dos na ingne bréige seo. Anois, is féidir leat n'ingne i gcomhair euro amháin caoga a cheannach i ndathanna eile agus i bpátrúin éagsúla. Cheannaigh mé paicéad dearg. Ansin, cheannaigh mé buidéal eile den ola i gcomhair do ghruaig i gcomhair dhá euro caoga mar go bhfuil mo bhuidéal eile imithe. Is aoibhinn liom ag úsáid an ola seo i mo ghruaig tar éis é a ní agus sílim go bhfuil fiú é don phraghas saor sin. An cuid is mó den am, ceannaím na fabhrai bréige (eyelashes) i gcomhair 3.50 sa siopa Penneys ach chonaic mé go raibh fabhraí eile ar dhíol i gcomhair 1.50. Cheannaigh mé iad chun iad a iarraidh. Bhí an gliú a tháinig leis na cinn a bhí níos daora an- mhaith. Mar sin ceapaim go mbeidh seans nach mbeidh an gliú leis an bpéire seo mar  a gcéanna. 

Mar go dtaitníonn sioráif go mór liom, bhí gá orm an ribín marcála seo a cheannach i siopa stáiseanóireachta in ionad siopadóireachta an Mainéar Thiar i gcomhair euro amháin caoga. Nuair a fheicim rud éigin le sioráf air nach bhfuil agam, ní bhíonn mé ábalta é a fhágáil sa siopa muna mbíonn sé an- daor.

Cheannaigh mé an muince seo i gcomhair dhá euro nócha naoi. Tá ceann uachtar agus ceann bán dearg agam atá cósúil leis agus thaitin an ceann seo liom. 

Comh maith leis na rudaí sin, cheannaigh mé clog álainn ach caithfidh mé 12 pictiúr a aimsiú roimh caint faoi. Is clog é le spás chun grianghraif a chur isteach in aice le gach uimhir. Ceapaim go mbeidh sé go deas pictiúir do mé féin, mo chairde agus mo theaghlach a chur isteach ann. Bheadh smaoineamh deas é freisin, ceann lán le grianghraif a thabhairt do dhuine éigin eile mar bhrontannas.

Fuair mé an cuid is mó dos na héadaí a bheidh gá orm bheith agam don turas sciála sa siopa "Landers" ann freisin ach déanfaidh mé post faoi sin níos déanaí sa bhliain nuair atá mé lán ullmhaithe. 

Ar dhein tú a lán siopadóireacht an samhradh seo? 



2 comments:

  1. An bhfuil tu briste?

    ReplyDelete
  2. Haha, beagáinín ach bíonn mé ag sábháil an t-am ar fad. Is é an rud atá á rá ag gach déagóir an samhradh seo ná NASAA (Níl ach saol amháin agat). Muna cheannaigh mé aon rud bheadh díomá orm. Bhí áthas an domhain orm ag teacht abhaile lena rudaí sin agus mar sin, ceapaim go raibh fiú an méid airgid sin a chaitheamh!

    ReplyDelete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com